Zyklon B

Zyklon B.

Is é is Zyklon B ann ná ainm tradála ar ullmhóid ciainíde a bhí in úsáid ag na Naitsithe nuair a bhí siad ag marú na sluaite Giúdach sna seomraí gáis le linn an Uilelosctha. Tá Zyklon B bunaithe ar an aigéad prúiseach (is é sin, an t- aigéad hidricianach, nó tuaslagadh uisce chiainíd na hidrigine HCN) a bhfuil substaint chobhsaíoch curtha tríd, chomh maith le substaint drochbholaidh le rabhadh a thabhairt don úsáideoir. Bhí Zyklon B ceaptha mar fheithidicíd ar dtús. B'é ceimiceoir mór na Gearmáine Fritz Haber a d'fhorbair é le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí an-ról ag Haber i gcogaíocht cheimiceach na nGearmánach san am sin, ach, íorónta go leor, Giúdach a bhí ann, agus mar sin, b'éigean dó éalú ón nGearmáin i ndiaidh do na Naitsithe an chumhacht a shealbhú sa bhliain 1933. Níorbh é a nimh féin a mharaigh é, ar a laghad.

Tá éifeachtúlacht Zyklon B bunaithe ar an gciainíd. Cuireann an t-ian ciainíde CN- ruaigeadh ar an móilín ocsaigine as haemaglóibin na fola le dul ina áit. Ós rud é go bhfuil ceangal na ciainíde den haemaglóibin níos láidre ná ceangal na hocsaigine, ní féidir leis an haemaglóibin chiainídithe ocsaigin a iompar a thuilleadh, agus mar sin, tachtfar an t-íobartach, fiú má bhíonn flúirse ocsaigine le fáil san aer.

Le linn an Uilelosctha, d'úsáidtí Zyklon B ar dtús leis na dreancaidí a bhaint de na príosúnaigh. I dtús na bliana 1940, áfach, baineadh an chéad triail as i marú na ndaoine, nuair a tachtadh grúpa de Ghiofóga óga ó Brno i m Buchenwald. In Auschwitz, tugadh Zyklon B isteach ar an tríú lá de Mhí Mheán Fómhair 1941, nuair a maraíodh sé chéad cime cogaidh ón Aontas Sóivéadach agus dhá chéad go leith de chimí tinne cogaidh ón b Polainn leis.


Other Languages
العربية: زيكلون ب
български: Циклон Б
brezhoneg: Ziklon B
bosanski: Ciklon-B
català: Zyklon B
čeština: Cyklon B
dansk: Zyklon B
Deutsch: Zyklon B
Ελληνικά: Zyklon B
English: Zyklon B
español: Zyklon B
eesti: Zyklon B
euskara: Zyklon B
فارسی: سیکلون ب
suomi: Zyklon B
français: Zyklon B
galego: Zyklon B
עברית: ציקלון בה
magyar: Zyklon–B
Հայերեն: Ցիկլոն B
Bahasa Indonesia: Zyklon B
íslenska: Zyklon B
italiano: Zyklon B
日本語: ツィクロンB
한국어: 치클론 B
Ripoarisch: Zyklon B
Latina: Zyklon B
македонски: Циклон Б
Nederlands: Zyklon B
norsk: Zyklon B
polski: Cyklon B
português: Zyklon B
română: Zyklon B
русский: Циклон Б
Scots: Zyklon B
srpskohrvatski / српскохрватски: Ciklon B
slovenčina: Zyklon B
slovenščina: Zyklon B
српски / srpski: Циклон Б
svenska: Zyklon B
Türkçe: Zyklon B
українська: Циклон Б
Tiếng Việt: Zyklon B
中文: 齊克隆B