Walter Raleigh

Walter Raleigh
Sir Walter Raleigh.jpg
Raleigh (portráid t.1585)
Dáta breithe~1552
 Devon, Sasana
Dáta báis29 Deireadh Fómhair, 1618
 Londain, Sasana
NáisiúntachtSasanach
GairmScríbhneoir, saighdiúir, taiscéalaí
CéileElizabeth Throckmorton
Síniú
Sir Walter Raleigh Signature.svg

Uaslathaí Sasanach ba ea Sir Walter Raleigh (c.1552 - 29 Deireadh Fómhair, 1618), scríbhneoir, file, saighdiúir, cúirteoir, agus taiscéalaí, a bhí ar na chéad daoine a thug tobac ó Mheiriceá go dtí an Eoraip.

Ba Phrotastúnaigh as Devon iad tuismitheoirí Walter, Walter agus Catherine Champernowne. Níl mórán eolais ann faoina chéad óige, cé gur chaith sé roinnt ama in Éirinn, i gCaisleáin Chill Dalua, Ráistín, Contae na hIarmhí, ag glacadh páirte i gcur faoi chois reibiliúin agus a bheith páirteach in dhá sléacht mínáireach ar Reachlainn agus Ard na Caithne (Béarla: Smerwick).

Níos déanaí ba thiarna talún é, ar thalamh a bhí coigistithe ó na hÉireannaigh. Fuair sé ardú céime go tapa i bhfabhar na Banríona Eilís I, agus bronnadh ridireacht air sa bhliain 1585. Bhí baint aige le luathchoilínithe Virginia faoi phaitinn ríoga. Sa bhliain 1591, phós sé Elizabeth Throckmorton, bean choimhdeachta de chuid na Banríona, go rúnda gan fanacht ar chead na Banríona. De dheasca sin cuireadh é féin agus a bhean chéile sa Túr Londan. Tar éis é a bheith scaoilte amach, chuir siad fúthu ar a eastát ag Sherborne, Dorset.

Sa bhliain 1594 chuala Raleigh faoi "Chathair an Óir" i Meiriceá Theas agus sheol sé ann chun í a aimsiú, ag foilsiú cuntas áibhéalach dá chuid eachtraí sa leabhar a chuir leis an finscéal "El Dorado".

Tar éis bás na banríona Éilis I, sa bhliain 1603, cuireadh Raleigh arís i bpríosún sa Túr, an uair seo, mar gheall ar líomhaintí go raibh sé páirteach sa chomhcheilg i gcoinne an Rí Séamas I. Sa bhliain 1616, áfach, scaoileadh é chun an dara turas taiscéalaíochta sa tóir ar El Dorado a stiúradh. Níor éirigh leis agus ransaigh fir faoina gceannas urphost Spáinneach. D'fhill sé ar Shasana, agus gabhadh é chun na Spáinnigh a cheansú agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1618.

Luathshaol

Níl mórán eolais againn faoi bhreith Raleigh. Creideann roinnt staraithe gur sa bhliain 1552 a rugadh Raleigh, agus tá tuairim ag roinnt eile gur rugadh é chomh déanach le 1554. D'fhás sé suas i dteach Hayes Barton, feirmeoir, i sráidbhaile East Budleigh, ní fada ó Budleigh Salterton i nDevon, Sasana. Ba é an mac is óige de chúigear a rugadh do Chatherine Champernowne in dhá phósadh i ndiaidh a chéile. Leath a leathdheartháireacha, John Gilbert, Humphrey Gilbert, Adrian Gilbert, agus a dheartháir iomlán Carew Raleigh chun tosaigh le linn réimis na banríona Eilís I agus an rí Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire. Neacht Kat Ashley ba ea Chatherine Champernowne agus máistréas Eilís, a thug na fir óga isteach sa chúirt. Ba Phrotastúnaigh láidir iad teaghlach Raleigh agus is beag nár tháinig siad slán le linn ré na Banríona Caitlicí, Máire I Shasana. An t-éalú is suntasaí, tharla sé nuair a chuaigh athair Raleigh i bhfolach i túr chun forghníomhú a sheachaint. Mar thoradh air sin, le linn a óige, d'fhás fuath Raleigh roimh an Eaglais Chaitliceach agus thapaigh sé an deis sin tar éis teacht na banríona Protastúnaí Eilís I go dtí an ríchathaoir sa bhliain 1558.

Other Languages
العربية: والتر رالي
تۆرکجه: والتر رالی
беларуская: Уолтэр Рэйлі
български: Уолтър Рали
čeština: Walter Raleigh
Ελληνικά: Ουόλτερ Ράλεϊ
Esperanto: Walter Raleigh
español: Walter Raleigh
français: Walter Raleigh
hrvatski: Walter Raleigh
Bahasa Indonesia: Walter Raleigh
italiano: Walter Raleigh
Basa Jawa: Walter Raleigh
한국어: 월터 롤리
မြန်မာဘာသာ: ဝေါ်လတာ ရော်လီ
Nederlands: Walter Raleigh
português: Walter Raleigh
română: Walter Raleigh
русский: Рэли, Уолтер
Simple English: Walter Raleigh
slovenčina: Walter Raleigh
српски / srpski: Волтер Роли
Türkçe: Walter Raleigh
українська: Волтер Релі
Tiếng Việt: Walter Raleigh
Yorùbá: Walter Raleigh