Vigdís Finnbogadóttir

Vigdís Finnbogadóttir
Vigdís Finnbogadóttir

Uachtarán na hÍoslainne
Príomh-aire:Gröndal, Thoroddsen, Hermannsson, Pálsson, Oddsson
I bhfeidhmeannas:19801996
Réamhtheachtaí:Kristján Eldjárn
Comharba:Ólafur Ragnar Grímsson

Dáta breithe:15 Aibreán, 1930
Áit bhreithe:Réicivíc, An Íoslainn
Céile:Neamhphósta
Páirtí polaitíochta:

Bhí Vigdís Finnbogadóttir, a rugadh ar an 15 Aibreán sa bhliain 1930, ar an gceathrú hUachtarán ar Phoblacht na hÍoslainne. Chaith sí na blianta ó 1980 go 1996 ina hUachtarán, agus í ar an chéad uachtarán mná a vótáladh isteach riamh.

Rinne Vigdís staidéar ar litríocht agus ar dhrámaíocht in Ollscoil Grenoble, i Sorbonne agus in Ollscoil na hÍoslainne i Réicivíc. Bhain sí amach céim san Oideachas, agus fuair sí post ag Leikfélag Reykjavíkur, ar comhlacht drámaíochta i Réicivíc é.

Ghnóthaigh Vigdís toghchán stairiúil sa bhliain 1980, nó bhí sí ar an chéad Uachtarán mná a toghadh i dtoghchán daonlathach. Vótáladh isteach arís í sna blianta 1984, 1988 agus 1992.

Tá Vigdís ina hambasadóir do UNESCO anois.





Other Languages
Bahasa Indonesia: Vigdís Finnbogadóttir
Lëtzebuergesch: Vigdís Finnbogadóttir
മലയാളം: Vigdís Finnbogadóttir
Simple English: Vigdís Finnbogadóttir
Tiếng Việt: Vigdís Finnbogadóttir