Uimhir dhénártha

Is uimhir í an uimhir dhénártha atá bunaithe ar an dá shiombail 0 is 1, a úsáidtear i ríomhairí. I ngnáthuimhir dheachúlach baintear feidhm as 10 siombail—0, 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9—chun seasamh d'aon uimhir ar leith. I gcórais ríomhaireachta, áfach, baintear feidhm as feistí leictreonacha déstaideacha chun uimhreacha a stóráil is a láimhseáil. Tugtar giotáin (digití dénártha) ar na siombailí seo 0 is 1. Is féidir aon uimhir a scríobh sa bhfoirm seo ach dóthain giotán a úsáid: 0 = 00000000, 1 = 00000001, 2 = 00000010, 3 = 0000011, 4 = 00000100, 5 = 00000101, 6 = 00000110, 7 = 00000111, 8 = 00001000, 9 = 00001001. De ghnáth úsáidtear aonad 8 ngiotán i ríomhairí, agus tugtar beart air. Baintear feidhm as foirm dhénártha chun seasamh do litreacha is chomharthaí eile in ASCII, an cód a úsáidtear go forleathan i ríomhairí.


Other Languages
العربية: نظام عد ثنائي
asturianu: Sistema binariu
azərbaycanca: İkili say sistemi
Boarisch: Binärzoihn
Cymraeg: Rhif deuaidd
Deutsch: Dualsystem
English: Binary number
español: Sistema binario
français: Système binaire
Kreyòl ayisyen: Sistèm binè
interlingua: Systema binari
Bahasa Indonesia: Sistem bilangan biner
íslenska: Tvíundakerfi
日本語: 二進法
한국어: 이진법
lumbaart: Sistema binari
Bahasa Melayu: Sistem angka perduaan
Nederlands: Binair
norsk nynorsk: Totalssystemet
Sesotho sa Leboa: Binary
română: Sistem binar
srpskohrvatski / српскохрватски: Binarni sistem
Simple English: Binary number
chiShona: Muravanembiri
Soomaaliga: Tiro labaale
српски / srpski: Бинарни систем
Tiếng Việt: Hệ nhị phân
West-Vlams: Binair reeknn
吴语: 二进制
中文: 二进制
文言: 二進制
Bân-lâm-gú: Jī-chìn-hoat
粵語: 二進制