Timthriall míosta

Ar dtús spreagtar an t-ubhagán ag hormón falacailspreagthach (FSH), forbraíonn is aibíonn an fhalacail ubhagánach, agus táltar tuilleadh éastraigine. In an-chuid mamach, tagann an baineannach le bheith so-ghabhála don fhireannach. Sa bhean, tarlaíonn scaoileadh an ubháin leathshlí tríd an timthriall. Nuair a shroicheann tál na héastraigine a bhuaicphointe, atann tál an hormón lúitéinithigh (LH) an fhalacail go tapa, agus briseann sí isteach i gcuas an bhoilg. Bailíonn an feadán útarach (fallópach) an t-ubhán atá ag aibiú ansin. Má tharlaíonn toirchiú, is taobh istigh den fheadán útarach é, taobh istigh de 24 uair i ndiaidh scaoileadh an ubháin de ghnáth. Ag an am céanna tugann tál leanúnach an LH ar iarmhar na falacaile athrú ina corpus luteum, a thálann an hormón prógaistéarón is tuilleadh éastraigine. Muna dtarlaíonn toircheas, ní leanann an corpus luteum níos mó ná 12 lá. Mar sin, ní tháltar prógaistéarón go leanúnach sa bhean nach bhfuil torrach. Ullmhaíonn an prógaistéarón líneáil na broinne d'ionchlannú leis an ubhán toirchithe. Muna dtarlaíonn ionchlannú, stopann tál an phrógaistéaróin, rud a chuireann an corpus luteum ag cúlú is an t-inmheitriam ag dealú ó chéile is ag cur fola, sreabhadh na fola míosta. Tarlaíonn an sreabhadh míosta go tréimhsiúil, timpeall 4 sheachtain eatarthu.


Other Languages
Alemannisch: Menstruationszyklus
العربية: دورة شهرية
azərbaycanca: Heyz
français: Cycle menstruel
हिन्दी: मासिक धर्म
Kreyòl ayisyen: Sik menstriyèl
italiano: Ciclo mestruale
ಕನ್ನಡ: ಋತುಚಕ್ರ
한국어: 월경 주기
Bahasa Melayu: Kitaran haid
Nederlands: Menstruatiecyclus
português: Ciclo menstrual
Runa Simi: K'ikuy
română: Ciclu menstrual
srpskohrvatski / српскохрватски: Menstrualni ciklus
Simple English: Menstrual cycle
slovenščina: Menstruacijski ciklus
Basa Sunda: Siklus ménstruasi
తెలుగు: ఋతుచక్రం
татарча/tatarça: Менструаль цикл
Tiếng Việt: Chu kỳ kinh nguyệt
中文: 月經週期