Théophile Gautier

Théophile Gautier (1811 - 1872), sa mbliain 1839. Ba é Auguste de Châtillon a chum an pictiúr seo.

File, úrscéalaí agus léirmheastóir ealaíne ab ea Théophile Gautier. Do rugadh é i dTarbes, baile atá suite in iardheisceart na Fraince, ar an 30ú de Lúnasa sa mbliain 1811 agus do fuair sé bás i Neuilly-sur-Seine, gar do Pháras, ar an 23ú de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1872.

Cé gur i dTarbes a rugadh é, is i bPáras a chaith Théophile Gautier formhór a shaoil agus meastar gur scríbhneoir Párasach ab ea é.

Do chuir Gautier aithne ar Ghérard Labrunie, fear a bhainfeadh clú agus cáil amach níos déanaí fén ainm Gérard de Nerval, nuair a bhíodar beirt ina ngarsún scoile. Do théidís ar an scoil chéanna, an lycée Charlemagne.

Scríbhneoir bisiúil ab ea Gautier: Fara úrscéalta ar nós Mademoiselle de Maupin (1835), Le Roman de la momie (1858) nó Le Capitaine Fracasse (1863), do scríobh sé cnuasaigh filíochta - is é Émaux et camées (1852) an cnuasach filíochta is cáiliúla dá chuid -, breis is deich ngearrscéalta is fichead, agus neart léirmheasanna ar an ealaíon agus ar an gceol leis.


Other Languages
العربية: تيوفيل غوتيه
azərbaycanca: Teofil Qotye
беларуская (тарашкевіца)‎: Тэафіль Гат’е
български: Теофил Готие
հայերեն: Թեոֆիլ Գոթիե
Bahasa Indonesia: Théophile Gautier
ქართული: თეოფილ გოტიე
latviešu: Teofils Gotjē
македонски: Теофил Готје
مازِرونی: تئوفیل گوتیه
Nederlands: Théophile Gautier
português: Théophile Gautier
srpskohrvatski / српскохрватски: Théophile Gautier
Simple English: Théophile Gautier
slovenčina: Théophile Gautier
slovenščina: Théophile Gautier
српски / srpski: Теофил Готје
українська: Теофіль Готьє
Tiếng Việt: Théophile Gautier