Teicnéitiam
English: Technetium

Teicnéitiam
Siombail CheimiceachTc
Uimhir Adamhach43
Meáchan Adamhach98(0) g·mol−1
Grúpa, Peiriad7, 5, d
Dlús11.0 g·cm−3
Sraith CheimiceachMiotail trasdultacha
Tc-TableImage.svg

Is é an teicnéitiam an dúil is éadroime acu siúd nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha acu. Is é dúil cheimiceach uimhir a 43 é, agus é suite in aon ghrúpa leis an réiniam agus leis an mangainéis, dhá dhúil a bhfuil sé gaolmhar leo ó thaobh na ceimice de. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ná Tc-98, agus é 4 mhilliún agus dhá chéad míle bliain ar leathré; Tc-97, agus é 2.6 milliún bliain ar leathré; agus Tc-99, agus é 211 mhíle bliain ar leathré. Is é Tc-99 an t-iseatóp is tábhachtaí ó thaobh na teicneolaíochta agus na táirgíochta de, nó tá sé le fáil go réidh i ndramhaíl eamhnaithe na n-imoibreoirí núicléacha.

Níl an teicnéitiam ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Ba iad na fisiceoirí Sicileacha Carlo Perrier agus Emilio Segrè a d'aithin an chéad uair é in eiseamal de thruflais radaighníomhach a fuair Segré mar bhronntanas ó Ernest O. Lawrence i ndiaidh dó cuairt a thabhairt in Ollscoil Berkeley le cioglatrón Lawrence a fheiceáil - ba é Lawrence a chéadcheap an cioglatrón. Go bunúsach, ní raibh i gceist ach páirteanna den chioglotrón nach raibh inúsáidte a thuilleadh, ó bhí siad éirithe radaighníomhach. Le cuidiú an cheimiceora Perrier, fuair Segrè amach gur dúil anaithnid ba chúis leis an radaighníomhaíocht sa sampla, agus d'iompaigh sé amach gurb é dúil uimhir a 43 a bhí i gceist - dúil a raibh tóir bhuile ag na ceimiceoirí uirthi le fada, ó bhí sliotán folamh ann di i dtábla peiriadach na ndúl. Bhaist siad teicnéitiam uirthi, is é sin, an dúil shaorga - tá gaol ag an ainm le "teicníocht", "teicneolaíocht" agus araile. Ní mó ná sásta a bhí lucht riaracháin Ollscoil Palermo leis an ainm seo, nó b'fhearr leosan panóirmiam a thabhairt ar an dúil nua agus ainm Palermo (Panormus as Laidin) a bhuanú i mbéal phobal na heolaíochta.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +IV, +V agus +VII. Cé gur miotal é an teicnéitiam, ní bhíonn sé fonnmhar chun iain dheimhneacha a dhéanamh. Ina áit sin, ceanglaíonn sé naisc chomhfhiúsacha. Tá dhá ocsaíd ag an teicnéitiam, mar atá, an heaptocsaíd détheicnéitiam Tc2O7 agus dé-ocsaíd an teicnéitiam TcO2.

Tá ocsaigéad ag an teicnéitiam, is é sin, an t-aigéad sártheicnéatach, HTcO4, aigéad láidir a bhfuil tábhacht nach beag lena chuid salann do na ceimiceoirí. Tá struchtúr na salann seo (na sártheicnéatáití) cosúil leis na sármhanganáití, ach ní ocsaídeoirí láidre iad, nó tá an t-ian sártheicnéatáite, TcO4-, cuíosach cobhsaí. Is féidir, áfach, í a dhí-ocsaídiú go teicnéatáit, TcO42-.

Other Languages
Afrikaans: Tegnesium
አማርኛ: ቴክኔቲየም
aragonés: Tecnecio
العربية: تكنيشيوم
asturianu: Tecneciu
azərbaycanca: Texnesium
беларуская: Тэхнецый
беларуская (тарашкевіца)‎: Тэхнэц
български: Технеций
भोजपुरी: टेक्नीशियम
བོད་ཡིག: ཊེག་ནི་ཤིམ།
brezhoneg: Teknetiom
bosanski: Tehnecij
català: Tecneci
Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄: Technetium
Cebuano: Teknesyo
کوردی: تێکنیشیۆم
corsu: Tecneziu
čeština: Technecium
Чӑвашла: Технеци
Cymraeg: Technetiwm
dansk: Technetium
Deutsch: Technetium
Ελληνικά: Τεχνήτιο
English: Technetium
Esperanto: Teknecio
español: Tecnecio
euskara: Teknezio
فارسی: تکنسیم
suomi: Teknetium
français: Technétium
Nordfriisk: Techneetsium
furlan: Tecnezi
Gàidhlig: Teicnetium
galego: Tecnecio
ગુજરાતી: ટેક્નેશિયમ
客家語/Hak-kâ-ngî: Technetium
עברית: טכנציום
हिन्दी: टेक्निशियम
Fiji Hindi: Technetium
hrvatski: Tehnecij
Kreyòl ayisyen: Tèknesyòm
magyar: Technécium
հայերեն: Տեխնեցիում
interlingua: Technetium
Bahasa Indonesia: Teknesium
íslenska: Teknetín
italiano: Tecnezio
la .lojban.: runjinme
ქართული: ტექნეციუმი
қазақша: Технеций
한국어: 테크네튬
kurdî: Teknesyûm
Кыргызча: Технеций
Latina: Technetium
Lëtzebuergesch: Technetium
Limburgs: Technetium
Ligure: Tecnessio
lumbaart: Tecnesio
lietuvių: Technecis
latviešu: Tehnēcijs
македонски: Технециум
മലയാളം: ടെക്നീഷ്യം
монгол: Технеци
кырык мары: Технеций
Bahasa Melayu: Teknetium
မြန်မာဘာသာ: တက္ကနက်တီယမ်
नेपाली: टेक्निशियम
नेपाल भाषा: तेक्नेसियम
Nederlands: Technetium
norsk nynorsk: Technetium
norsk: Technetium
occitan: Tecnèci
Livvinkarjala: Tehnecii
ਪੰਜਾਬੀ: ਟੈਕਨੀਸ਼ੀਅਮ
polski: Technet
Piemontèis: Tecnessi
پنجابی: ٹیکنیٹیم
português: Tecnécio
Runa Simi: Teknesyu
română: Technețiu
armãneashti: Tehnețiu
русский: Технеций
संस्कृतम्: टेक्नेसियम
sicilianu: Tecnezziu
Scots: Technetium
srpskohrvatski / српскохрватски: Tehnicijum
Simple English: Technetium
slovenčina: Technécium
slovenščina: Tehnecij
Soomaaliga: Teknetiyaam
shqip: Teknetiumi
српски / srpski: Технецијум
Seeltersk: Technetium
svenska: Teknetium
Kiswahili: Tekineti
తెలుగు: టెక్నీషియం
тоҷикӣ: Технетсий
Tagalog: Technetium
Türkçe: Teknesyum
татарча/tatarça: Технеций
ئۇيغۇرچە / Uyghurche: تېخېتىسىي
українська: Технецій
oʻzbekcha/ўзбекча: Texnetsiy
vepsän kel’: Tehnecii
Tiếng Việt: Tecneti
Winaray: Tecnesyo
хальмг: Технециүм
Yorùbá: Technetium
中文:
文言:
Bân-lâm-gú: Technetium
粵語: