Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire

Séamas VI agus I
Rí na nAlbanach, na hÉireann agus Shasana
JamesIEngland.jpg
Séamas VI/I ón tréimshe idir 1603–1613. Portráid le Paul van Somer I (1576–1621)
Réimeas Albain: 1567–1625
Sasana/Éire: 1603–1625
Dáta breithe 19 Meitheamh, 1566
Áit bhreithe Dún Éideann, Albain
Dáta báis 27 Márta, 1625
Áit bháis Hertfordshire, Sasana
Réamhtheachtaí Albain: Màiri I, Banríon na nAlbanach


Sasana/Éire: Eilís I

Comharba Séarlas I
Rítheaghlach Stíobhart
Céile Áine na Danmhairge

Ba Briotanach é Séamas ( 19 Meitheamh, 156627 Márta, 1625). Séamas VI an t-ainm a bhí air mar Rí na n Albanach, agus Séamas I mar rí Shasana.

Óige

Mac le Máire I, banríon na nAlbanach agus leis an Tiarna Darnley ab ea é. Col ceathrair le Máire ab ea Eilís I, banríon Shasana, agus b'í Eilís máthair bhaistí Shéamais. Bhí Máire ina Caitliceach, ach ós rud é gur Protastúnaigh ab ea na tiarnaí Albanacha, bhí a lán cogaidh agus coimhlinte ann.

Nuair a bhí Máire torrach le Séamas, chuaigh cuid de na tiarnaí i gcomhcheilg le David Rizzio a dhúnmharú. Rúnaí agus cara le Máire ab ea Rizzio. D'fheall Darnley ar a bhean, agus bhí Séamas agus a mhathair i gcontúirt i dtólamh.

Sa deireadh, dúnmharaíodh Darnley féin, agus phós Máire an dúnmharfóir, an Tiarna Bothwell. Ach bhí fearg agus frustrachas ar na tiarnaí Albanacha anois. Mar sin caitheadh Máire i dtóin an phríosúin. Ghair na tiarnaí rí de Shéamus, cé nach raibh sé ach aon bhliain amháin d'aois.

Other Languages
azərbaycanca: I Ceyms
български: Джеймс I (Англия)
čeština: Jakub I. Stuart
Հայերեն: Հակոբ Ա
Bahasa Indonesia: James I dari Inggris
Lëtzebuergesch: James I. vun England
lietuvių: Jokūbas VI
Malagasy: James VI and I
македонски: Јаков I (Англија)
Bahasa Melayu: James VI dan I
occitan: Jaume Stuart
srpskohrvatski / српскохрватски: James I Stuart
Simple English: James I of England
slovenčina: Jakub I. (Anglicko)
slovenščina: Jakob I. Angleški
српски / srpski: Џејмс I Стјуарт
Tiếng Việt: James I của Anh
Bân-lâm-gú: James 1-sè