Primo Levi

Primo Levi
Primo Levi.jpg
Primo Levi
Dáta breithe31 Iúil 1919
 Torino, An Iodáil
Dáta báis11 Aibreán 1987
 Torino, An Iodáil
NáisiúntachtIodálach
GairmCeimiceoir, úrscéalaí

Ceimiceoir agus scríbhneoir Iodálach ab ea Primo Michele Levi a rugadh i dTorino ar an 31 Iúil 1919 agus a fuair bás san áit chéanna ar an 11 Aibreán 1987. Glactar le Levi mar scríbhneoir den chéad scoth agus mar duine de na tráchtairí is críonna agus is géarchúisí den bhfichiú céad.

Bhí a athair ina innealtóir leictreach agus a sheanathair ina innealtóir sibhialta. Idir 1937 agus 1941 bhí sé ina mhac léinn ceimice in ollscoil Torino. Fuair sé post i saotharlann i monarcha i Milano i 1942 ach an bhliain ina dhiaidh sin, le titim rialtas Faisisteach Mussolini agus ionradh na nGearmánach ar thuaisceart na hIodáile, chuaigh Levi isteach i ngrúpa páirtíneach ach gabhadh é i lár mí na Nollag agus cuireadh i gcampa géibhinn é. I mí Feabhra 1944 tháinig na Gearmánaigh i bhfeighil an champa, agus d’aistrigh na príosúnaigh ar thrucailí oscailte traenach go dtí an campa díothaithe ag Auschwitz sa Pholainn, turas cúig lá. Is ar éigin a tháinig Levi slán as an ifreann sin. Buaileadh tinn é leis an bhfiabhras dearg tamall beag roimh theacht na Rúiseach agus teitheadh na nGearmánach leis na príosúnaigh “shlána” go dtí na campaí díothaithe ag Buchenwald agus Mauthausen. Chaith sé roinnt mhíonna i gcampa idirturais i Katowice agus bhain an Iodáil amach ar 19 Deireadh Fómhair 1945 tar éis turas cathair ghríobháin tríd an Úcráin, an Rómáin, an Ungáir, agus an Ostair. I 1946 fuair sé obair i monarcha vearnaisí i ngar do Torino.

D'fhág an tréimhse a chaith sé in Auschwitz a shliocht air go lá a bháis. I ndiaidh an chogaidh, chuaigh sé le scríbhneoireacht le cur síos a thabhairt ar ar ghabh sé tríd. Is iad na leabhair is tábhachtaí dár bhreac sé síos ná Se questo è un uomo ("Más duine é seo"), La Tregua ("An Sos Cogaidh"), Se non ora, quando? ("Cén t-am ach anois?"), agus I sommersi e i salvati ("Iad siúd a bádh agus iad siúd a tháinig slán"). Fuair sé bás nuair a thit sé as fuinneog. Glactar leis go coitianta gur féinmharú a bhí ann, ó bhí dúlagar intinne ag luí air faoin am, agus "aiféaltas an iarmharáin" air fosta - is é sin, bhí náire air gur tháinig seisean, thar aon duine eile, slán as an Uileloscadh, nuair a maraíodh an oiread de dhaoine eile ansin. Téama tábhachtach é aiféaltas an iarmharáin ina chuid leabhar freisin, go háirithe in I sommersi e i salvati.

Ní raibh sé gaolmhar leis an scríbhneoir Carlo Levi, Iodálach Giúdach eile a scríobh leabhair thábhachtacha faoina shaol le linn an Dara Cogadh Domhanda.

  • il sistema periodico

Il Sistema Periodico

Leabhar dírbheathaisnéiseach uathúil is sochorraithe is ea Il Sistema Periodico a dhéanann taiscéaladh, i 21 caibidil, 21 mineachtra i saol Levi mar cheimicí ag obair le 21 dúil cheimiceach, agus ag déanamh teagmhála ar slí le fulaingt urghránna a phríosúnachta i gcampa báis Auschwitz mar Ghiúdach. Scríofa go hálainn sochorraithe, tugann sé léargas ar a thromghrá don cheimic agus ar a éachtaí sa réimse sin, ach freisin ar a phróisis mheabhracha is a chrá síceolaíoch san il-loscadh. Chuir an tOllamh Matthew Hussey Gaeilge ar an leabhar mar An Tábla Peiriadach, foilsithe ag Coiscéim i 2016.

Other Languages
aragonés: Primo Levi
العربية: بريمو ليفي
تۆرکجه: پریمو لوی
беларуская: Прыма Леві
беларуская (тарашкевіца)‎: Прыма Леві
български: Примо Леви
brezhoneg: Primo Levi
català: Primo Levi
čeština: Primo Levi
dansk: Primo Levi
Deutsch: Primo Levi
Ελληνικά: Πρίμο Λέβι
English: Primo Levi
Esperanto: Primo Levi
español: Primo Levi
eesti: Primo Levi
euskara: Primo Levi
فارسی: پریمو لوی
suomi: Primo Levi
français: Primo Levi
Gàidhlig: Primo Levi
galego: Primo Levi
עברית: פרימו לוי
հայերեն: Պրիմո Լևի
Bahasa Indonesia: Primo Levi
íslenska: Primo Levi
italiano: Primo Levi
Basa Jawa: Primo Levi
한국어: 프리모 레비
Latina: Primus Levi
Ladino: Primo Levi
Lëtzebuergesch: Primo Levi
latviešu: Primo Levi
македонски: Примо Леви
Nederlands: Primo Levi
norsk: Primo Levi
occitan: Primo Levi
polski: Primo Levi
Piemontèis: Primo Levi
português: Primo Levi
română: Primo Levi
русский: Леви, Примо
sardu: Primo Levi
Scots: Primo Levi
srpskohrvatski / српскохрватски: Primo Levi
Simple English: Primo Levi
српски / srpski: Примо Леви
svenska: Primo Levi
Türkçe: Primo Levi
українська: Прімо Леві
vèneto: Primo Levi
Tiếng Việt: Primo Levi