Potaisiam

Potaisiam
Siombail CheimiceachK
Uimhir Adamhach19
Meáchan Adamhach39.0983(1) g·mol
Grúpa, Peiriad1, 4, s
Dlús0.89 g·cm−3
Sraith CheimiceachMiotail alcaileacha
K-TableImage.svg

Is é an potaisiam dúil uimhir a 19 sa tábla peiriadach. Fuair sé a ainm Gaeilge ón bpotais, is é sin, an mianra carbónáite (carbónáit an photaisiam, K2CO3) as ar haonraíodh é an chéad uair riamh. Potassium an t-ainm Béarla agus Fraincise freisin, ach tá siombail cheimiceach an photaisiam, K, bunaithe ar an ainm Gearmáinise Kalium, a úsáidtear ina lán teangacha eile chomh maith. Tháinig an t-ainm sin as focal Araibise a chiallaíonn "luaith".

Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal bog éadrom é an potaisiam a bhfuil loinnir an airgid ghil ann go gairid ar lorg a ghearrtha, ach is dual dó brat ocsaíde a tharraingt air féin go sciobtha i dteagmháil leis an aer. Ar ndóigh, imoibríonn sé go fíochmhar leis an uisce, agus mar sin, is gá potaisiam a choinneáil i dtaisce istigh in ola lena chosaint ar an aer agus ar an bhfliuchas.

Electron shell 019 Potassium.svg

Tá imoibriú an photaisiam leis an uisce níos fíochmhaire fós ná imoibriú an tsóidiam, agus is dual dó an hidrigin a scaoiltear saor sa teagmháil a chur ar bharr lasrach le teas an imoibriúcháin. Mar sin, tá sé thar a bheith contúirteach triail a bhaint as an imoibriúchán seo, cé go ndéantar ó am go ham ar scoil é le himoibríocht na miotal alcaileach a ghléiniú.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an bpotaisiam ná 1s22s22p63s23p64s1.Is é sin, tá aon s-leictreon amháin aige taobh amuigh den ochtréad, mar fhiúsleictreon, agus tagann adamh an photaisiam an leictreon seo go fonnmhar ar iasacht, ionas gur féidir leis féin iompú ina ian deimhneach, K+. Is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin atá ag an bpotaisiam ná +1, agus cruthaíonn sé comhdhúile atá an-chosúil le comhdhúile an tsóidiam, is é sin, salainn (comhdhúile ianacha). Bíonn comhdhúile an photaisiam so-thuaslagtha san uisce. Má chuirtear salann potaisiam trí thine, aithneofar an potaisiam ar an lasair vialaite.

Ní féidir a rá go mbeadh an potaisiam - is é sin, ian an photaisiam - nimhiúil nó tocsaineach don duine. Tá sé ag teastáil ó orgánach an duine leis an gcothromaíocht osmóiseach a choigeartú idir na cealla agus an sreabhán scáineach, nó leis na cealla néarógacha a choinneáil ag obair.

Other Languages
Afrikaans: Kalium
አማርኛ: ፖታሺየም
aragonés: Potasio
العربية: بوتاسيوم
asturianu: Potasiu
azərbaycanca: Kalium
تۆرکجه: پوتاسیوم
башҡортса: Калий
беларуская: Калій
беларуская (тарашкевіца)‎: Каль
български: Калий
भोजपुरी: पोटैशियम
བོད་ཡིག: དུག་སེལ།
brezhoneg: Potasiom
bosanski: Kalij
català: Potassi
Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄: Gák (gĭng-sṳ̆k)
Cebuano: Potasio
ᏣᎳᎩ: ᏉᏔᏏᎥᎻ
کوردی: پۆتاسیۆم
corsu: Potassiu
čeština: Draslík
Чӑвашла: Кали
Cymraeg: Potasiwm
dansk: Kalium
Deutsch: Kalium
ދިވެހިބަސް: ޕޮޓޭސިއަމް
Ελληνικά: Κάλιο
English: Potassium
Esperanto: Kalio
español: Potasio
eesti: Kaalium
euskara: Potasio
فارسی: پتاسیم
suomi: Kalium
føroyskt: Kalium
français: Potassium
Nordfriisk: Kaalium
furlan: Potassi
贛語:
Gàidhlig: Potasium
galego: Potasio
ગુજરાતી: પોટેશિયમ
Gaelg: Potashum
客家語/Hak-kâ-ngî: Kap
Hawaiʻi: Potasiuma
עברית: אשלגן
हिन्दी: पोटैशियम
Fiji Hindi: Potassium
hrvatski: Kalij
Kreyòl ayisyen: Potasyòm
magyar: Kálium
հայերեն: Կալիում
interlingua: Potassium
Bahasa Indonesia: Kalium
Ido: Kalio
íslenska: Kalín
italiano: Potassio
日本語: カリウム
la .lojban.: sodnrkali
Basa Jawa: Kaliyum
ქართული: კალიუმი
Kabɩyɛ: Pɔtasɩyɔm
Gĩkũyũ: Potasium
қазақша: Калий
한국어: 칼륨
kurdî: Qelye
коми: Калий
Кыргызча: Калий
Latina: Kalium
Lëtzebuergesch: Kalium
Limburgs: Kalium
Ligure: Potascio
lumbaart: Potasio
lingála: Potasu
lietuvių: Kalis
latviešu: Kālijs
Māori: Konurehu
македонски: Калиум
മലയാളം: പൊട്ടാസ്യം
монгол: Кали
मराठी: पलाश
кырык мары: Калий
Bahasa Melayu: Kalium
မြန်မာဘာသာ: ပိုတက်ဆီယမ်
Plattdüütsch: Kalium
नेपाली: पोटाशियम
नेपाल भाषा: पोटासियम
Nederlands: Kalium
norsk nynorsk: Kalium
norsk: Kalium
Novial: Kalium
occitan: Potassi
Livvinkarjala: Kalii
ଓଡ଼ିଆ: ପୋଟାସିଅମ
ਪੰਜਾਬੀ: ਪੋਟਾਸ਼ੀਅਮ
polski: Potas
Piemontèis: Potassi
پنجابی: پوٹاشیم
português: Potássio
Runa Simi: Kalyu
română: Potasiu
armãneashti: Kaliu
русский: Калий
संस्कृतम्: पोटासियम्
саха тыла: Калиум
sicilianu: Putàssiu
Scots: Potassium
srpskohrvatski / српскохрватски: Kalij
Simple English: Potassium
slovenčina: Draslík
slovenščina: Kalij
Soomaaliga: Botashiyaam
shqip: Kaliumi
српски / srpski: Калијум
Seeltersk: Kalium
Basa Sunda: Kalium
svenska: Kalium
Kiswahili: Kali
తెలుగు: పొటాషియం
тоҷикӣ: Калий
Tagalog: Potasyo
Türkçe: Potasyum
татарча/tatarça: Калий
ئۇيغۇرچە / Uyghurche: كالىي
українська: Калій
oʻzbekcha/ўзбекча: Kaliy
vepsän kel’: Kalii
Tiếng Việt: Kali
West-Vlams: Kalium
walon: Potassiom
Winaray: Potasyo
吴语:
хальмг: Калион
ייִדיש: קאליום
Vahcuengh: Gyaz
中文:
文言:
Bân-lâm-gú: Kalium
粵語: