Plotinus

Fealsamh mór de chuid an tseansaoil ba ea Plotinus ( Gréigis: Πλωτῖνος) c. 204/5 – 270). Tá trí phrionsabal le fáil ina fhealsúnacht: an tAon, an Intleacht agus an tAnam. [1] Ba é Ammonius Saccas a mhúinteoir, fear a chloígh leis an traidisiún Platónach. [2] Sa 19ú haois thug staraithe “ Nua-Phlatónachas” ar a fhealsúnacht, agus chuaigh a shaothar meitifisiceach i bhfeidhm ar an bpágánachas, ar an gCríostaíocht, ar an nGiúdachas, ar an Ioslamachas agus ar an n gnóisíochas.

Beatha

Dúirt an fealsamh Porphyry, athdhalta Plotinus, go raibh Plotinus 66 bliain d’aois nuair a cailleadh é i 270, rud a chiallaíon gur rugadh é timpeall 205. Dúirt an staraí Eunapius gur san Éigipt a rugadh é. [3]

Ní raibh muinín ag Plotinus san ábharthacht (dearcadh Platónach). Shíl sé nach raibh sna feiniméin ach aithris bhocht ar rud ab airde agus ba shoiléire, an chuid ab fhírinní den bheatha.

Thug Plotinus faoin bhfealsúnacht in aois a seacht mbliana is fiche, timpeall 232, agus bhain Cathair Alastair amach chun staidéar a dhéanamh. Bhí sé míshásta le gach múinteoir a casadh air nó gur moladh dó go n-éistfeadh sé le teagasc Ammonius Saccas. Chuaigh sé i mbun foghlama faoina threoir siúd, cé go raibh tionchar ag fealsúna eile air freisin.

Tar éis dó aon bhliain déaga a chaitheamh i gCathair Alastair shocraigh sé ar dhul amach ar léann na Peirse agus na hIndia. Chuaigh sé isteach in arm an Impire Gordian III nuair a d’ionsaigh sé siúd an Pheirs. Chlis ar an bhfeachtas agus nuair a maraíodh Gordian ba le dua a d’éirigh le Plotinus Aintioch a bhaint amach. In aois a dhaichead bliain chuaigh sé chun na Róimhe, mar ar chruinnigh sé roinnt daltaí, idir mhná agus fhir. Ina dhiaidh sin chuigh se chun cónaithe sa tSicil, agus fuair sé bás ar an gcúlráid i gCampáinia.

Scríobh Plotinus na haistí agus na nótaí a chuir a fhealsúnacht in iúl (na hEnneadaí) thar roinnt blianta ó thimpeall 253 go dtí a bhás seacht mbliana déag ina dhiaidh sin. B’éigean dá dhalta Porphyry ord agus eagar a chur orthu.

Other Languages
العربية: أفلوطين
مصرى: افلوطين
azərbaycanca: Plotin
беларуская: Плацін
български: Плотин
català: Plotí
čeština: Plótínos
dansk: Plotin
Deutsch: Plotin
Ελληνικά: Πλωτίνος
English: Plotinus
Esperanto: Plotino
español: Plotino
eesti: Plotinos
euskara: Plotino
فارسی: فلوطین
suomi: Plotinos
français: Plotin
Frysk: Plotinus
galego: Plotino
עברית: פלוטינוס
hrvatski: Plotin
magyar: Plótinosz
Հայերեն: Պլոտինոս
Bahasa Indonesia: Plotinos
íslenska: Plótínos
italiano: Plotino
ქართული: პლოტინე
한국어: 플로티노스
Kurdî: Plotînos
Кыргызча: Плотин
Latina: Plotinus
lietuvių: Plotinas
latviešu: Plotīns
Malagasy: Plotin
кырык мары: Плотин
Malti: Plotinu
Mirandés: Plotino
Nederlands: Plotinus
norsk: Plotin
occitan: Plotin
polski: Plotyn
português: Plotino
română: Plotin
русский: Плотин
Scots: Plotinus
srpskohrvatski / српскохрватски: Plotin
slovenčina: Plótinos
slovenščina: Plotin
shqip: Plotini
српски / srpski: Плотин
svenska: Plotinos
Kiswahili: Plotinus
Türkçe: Plotinos
українська: Плотін
oʻzbekcha/ўзбекча: Plotin
Tiếng Việt: Plotinus
中文: 普罗提诺