Páirtí polaitíochta

Eagraíocht polaitiúil is ea an páirtí polaitíochta atá dírithe ar chumhacht a bhaint amach i rialtas na tíre. Glactar leis go bhfuil trí phríomhchuspóir ag gach páirtí polaitíochta, mar atá, obair eagraíochta, obair fógraíochta, agus obair idé-eolaíochta.

  • Obair eagraíochta: is ionann seo agus airgead a bhailiú, foireann a fhostú, lucht tacaíochta a spreagadh chun vótála. Cuireann an cineál seo oibre ar chumas na n-iarrthóirí vótaí a fháil agus na toghcháin a bhuachan.
  • Obair fógraíochta: is é sin, súil na ndaoine a tharraingt ar an bpáirtí agus ar a chuid polaiteoirí chomh maith leis an gclár oibre atá ag an bpáirtí. Mar chuid den obair seo, bítear ag scaipeadh suaitheantais, ag greamú póstaeir agus fógraí poiblí, agus ag déanamh canbhásála - is é sin, bíonn na polaiteoirí ag dul timpeall na háite le lámh a chraitheadh leis na daoine agus iad féin a chur in aithne dóibh le vótaí a mhealladh uaidh.
  • Obair idé-eolaíochta: is é sin, clár oibre an pháirtí a sceitseáil agus a shocrú.

Cuid de shaol polaitiúil na dtíortha daonlathacha iad na páirtithe polaitíochta de ghnáth. Thairis sin, bíonn páirtithe polaitíochta ina lán tíortha nach bhfuil meas an daonlathais orthu. Roimh an mbliain 1989, bhí tíortha Oirthear na hEorpa á rialú ag na páirtithe Cumannacha, agus go praiticiúil, bhí Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh ní ba tábhachtaí agus ní ba chumhachtaí ná Uachtarán an Stáit. Mar sin féin, ina lán de na tíortha seo, bhí páirtithe eile ann, cé go raibh sé cinntithe roimh ré nach mbeadh aon cheann acu ábalta teacht in aon chóngar don Pháirtí Chumannach i líon na bhfeisirí ná na vótaí.

D'fhorbair na páirtithe polaitíochta as na faicsin pholaitiúla a bhí sna parlaimintí réamhdhaonlathacha. Nuair nach raibh cead ach ag na daoine uaisle bheith ina bhfeisirí, ní raibh cúis le canbhásáil ná le fógraíocht sa chiall nua-aoiseach. Is féidir a rá go raibh Compántas na gCaitliceach, an cumann a bhunaigh Dónall Ó Conaill leis na cearta daonna a bhaint amach do na Caitlicigh in Éirinn, ar an chéad pháirtí polaitíochta ar fad sa chiall nua-aoiseach sa Ríocht Aontaithe, nó chuaigh sé i dtuilleamaí teicníochtaí fógraíochta agus canbhásála den chineál nua-aimseartha roimh aon eagraíocht pholaitiúil eile. A lán de na cleasanna a d'fhoghlaim na hÉireannaigh sa Chompántas sin, mhúin siad do na Meiriceánaigh iad nuair a shocraigh siad síos sna Stáit Aontaithe, agus iad ag sealbhú an Pháirtí Dhaonlathaigh ina lán áiteanna le cúis na n-inimirceánach Éireannach a chur chun cinn.


Other Languages
Afrikaans: Politieke party
Alemannisch: Partei
aragonés: Partito politico
العربية: حزب سياسي
ܐܪܡܝܐ: ܓܒܐ
azərbaycanca: Siyasi partiya
تۆرکجه: حیزب
башҡортса: Сәйәси фирҡә
žemaitėška: Puolitėnė partėjė
беларуская: Палітычная партыя
беларуская (тарашкевіца)‎: Палітычная партыя
کوردی: حیزب
Ελληνικά: Πολιτικό κόμμα
eesti: Erakond
فارسی: حزب
suomi: Puolue
français: Parti politique
Avañe'ẽ: Aty ojokuaikuaáva
עברית: מפלגה
Fiji Hindi: Rajnetic dal
magyar: Párt
Bahasa Indonesia: Partai politik
Interlingue: Political partise
日本語: 政党
Basa Jawa: Partai pulitik
қазақша: Саяси партия
한국어: 정당
къарачай-малкъар: Политика партия
Кыргызча: Саясий партия
Lëtzebuergesch: Politesch Partei
lumbaart: Partii politegh
Malagasy: Antoko politika
македонски: Политичка партија
Bahasa Melayu: Parti politik
မြန်မာဘာသာ: နိုင်ငံရေးပါတီ
नेपाल भाषा: दल
Nederlands: Politieke partij
norsk nynorsk: Politisk parti
ਪੰਜਾਬੀ: ਸਿਆਸੀ ਦਲ
Piemontèis: Partì polìtich
پنجابی: سیاسی پارٹی
پښتو: گوند
português: Partido político
Runa Simi: Rakisa
română: Partid politic
русиньскый: Політічна партія
संस्कृतम्: राजनैतिकदलम्
davvisámegiella: Bellodat
srpskohrvatski / српскохрватски: Politička stranka
Simple English: Political party
slovenčina: Politická strana
slovenščina: Politična stranka
Soomaaliga: Xisbi siyaasad
српски / srpski: Политичка партија
Türkçe: Siyasi parti
татарча/tatarça: Сәяси фиркаләр
українська: Політична партія
oʻzbekcha/ўзбекча: Siyosiy partiyalar
吴语: 政党
中文: 政党
Bân-lâm-gú: Chèng-tóng
粵語: 政黨