Nítrigin

Nítrigin
Siombail CheimiceachN
Uimhir Adamhach7
Meáchan Adamhach14.0067(2) g·mol-1
Grúpa, Peiriad15, 2, p
Dlús1.251 g/L
Sraith CheimiceachNeamh-mhiotail
N-TableImage.png

Is dúil cheimiceach í an nítrigin. Is é an meáchan adamhach atá aici ná 14.0067 g/mol. Is í an uimhir adamhach atá aici ná 7, agus is í N an tsiombail cheimiceach atá aici.

Is í an nítrigin an comhábhar is flúirsí in atmaisféar an Domhain (78.1 %). Is gás gan dath gan bholadh gan bhlas í an nítrigin nuair atá sí ina dúil aonraithe, agus ní bhíonn sí ró-araiciseach chun imoibriú ceimiceach a dhéanamh leis na dúile eile, ach an oiread. Tá nasc comhfhiúsach triarach idir an dá adamh i móilín na nítrigine N2, agus murab ionann is an nasc triarach idir dhá adamh carbóin, tá an ceann seo an-láidir agus is an-deacair é a bhriseadh. Mar sin féin, is minic a bhíonn lucht na tionsclaíochta ag iarraidh an nasc seo a bhriseadh agus na hadaimh nítrigine a nascadh d'adaimh de chineál eile, nó bíonn comhdhúile nítrigine ag teastáil go géar le haghaidh táirgí éagsúla. Comhdhúile nítrigine iad na ciainídí, an amóinia, an t-aigead nítreach, agus na níotráití. Thairis sin, tá an nítrigin thar a bheith tábhachtach leis na neacha beo a choinneáil ina mbeatha. Tá adaimh nítrigine sna haimínaigéid a bhfuil na próitéiní comhdhéanta astu, agus is cuid dhoscartha iad de mhóilíní na n-aigéad núicléasach, is é sin, an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (DNA) agus an t-aigéad ribeanúicléasach (RNA).

Is neamh-mhiotal í an nítrigin, agus í 3.0 ar leictridhiúltacht. Tá cúig leictreon ar an dara sceall aici, agus fonn uirthi trí leictreon eile a fháil ar iasacht ó dhúile eile le hochtréad iomlán a bhaint amach. Mura bhfuil aon dúil eile le fáil, is maith le dhá adamh nítrigine an trí leictreon sin a thabhairt ar iasacht dá chéile. Le fírinne, an nasc triarach a chruthaítear mar sin, tá sé ar ceann de na naisc is láidire sa cheimic, agus tógann sé cuid mhaith fuinnimh an nasc seo a bhriseadh. Ní nach ionadh, má chuirtear comhdhúil de chuid na nítrigine tri thine, agus na hadaimh nítrigine á scaoileadh saor, rachaidh siad le chéile arís le móilíní nua N2 a dhéanamh.

Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an nítrigin, 14-N agus 15-N. Is é 14-N toradh an mheatha radaighníomhaigh a thagann ar an radacarbón (14-C), agus mar sin, is é 14-N an t-iseatóp is flúirsí (99.634 %).

Glactar leis gurbh é Daniel Rutherford a rinne fionnachtain na nítrigine sa bhliain 1772. Go gairid ina dhiaidh sin, bhaist ceimiceoir mór na Fraince, Antoine Laurent Lavoisier, an t-ainm azote ar an nítrigin, focal Gréigise a chiallaíonn "neamhbheo" nó "díbheo". Is é is cúis leis an ainmniú seo ná nach raibh an nítrigin in ann lasair ná ainmhí a choinneáil beo. Is é azote ainm na nítrigine ina lán teangacha i gcónaí, an Fhraincis san áireamh. Úsáidtear an fhoirm nítrigin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, mar shampla. Ciallaíonn sé "ábhar an tsailpítir". Tugtar sailpítear ar shalainn áirithe de chuid an aigéid nítrigh ar féidir úsáid a bhaint astú mar leasú talún, cosúil le níotráit potaisiam KNO3, níotráit sóidiam NaNO3 ("sailpítear na Sile") agus níotráit amóiniam ("sailpítear amóiniam") NH4NO3.

  • comhdhúile tábhachtacha de chuid na nítrigine

Comhdhúile tábhachtacha de chuid na nítrigine

  • an t-aigéad nítreach HNO3
  • an amóinia NH3
  • an hiodraisín N2H4
  • an t- aigéad hiodrasóch HN3
  • an aonocsaíd nítrigine NO
  • an dé-ocsaíd nítrigine NO2
  • an aonocsaíd dénítrigine (an "gás gáire") N2O
  • an chiainíd hidrigine HCN


Other Languages
Afrikaans: Stikstof
Alemannisch: Stickstoff
አማርኛ: ናይትሮጅን
aragonés: Nitrochén
العربية: نيتروجين
অসমীয়া: নাইট্ৰ'জেন
asturianu: Nitróxenu
azərbaycanca: Azot
تۆرکجه: نیتروژن
башҡортса: Азот
žemaitėška: Azuots
беларуская: Азот
беларуская (тарашкевіца)‎: Азот
български: Азот
भोजपुरी: नाइट्रोजन
བོད་ཡིག: ཟེ་རླུང་།
brezhoneg: Nitrogen
bosanski: Dušik
català: Nitrogen
Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄: Dâng
Cebuano: Nitroheno
ᏣᎳᎩ: ᎾᎢᏠᏤᏂ
کوردی: نایترۆجین
corsu: Azotu
qırımtatarca: Azot
čeština: Dusík
Чӑвашла: Азот
Cymraeg: Nitrogen
dansk: Kvælstof
Deutsch: Stickstoff
Ελληνικά: Άζωτο
English: Nitrogen
Esperanto: Nitrogeno
español: Nitrógeno
eesti: Lämmastik
euskara: Nitrogeno
فارسی: نیتروژن
suomi: Typpi
føroyskt: Køvievni
français: Azote
Nordfriisk: Stikstoof
furlan: Azôt
Frysk: Stikstof
贛語:
Gàidhlig: Naitridean
galego: Nitróxeno
ગુજરાતી: નત્રલવાયુ
Gaelg: Neetragien
客家語/Hak-kâ-ngî: Tham
Hawaiʻi: Naikokene
עברית: חנקן
हिन्दी: नाइट्रोजन
Fiji Hindi: Nitrogen
hrvatski: Dušik
hornjoserbsce: Dusyk
Kreyòl ayisyen: Azòt
magyar: Nitrogén
հայերեն: Ազոտ
interlingua: Nitrogeno
Bahasa Indonesia: Nitrogen
Ilokano: Nitroheno
Ido: Nitro
íslenska: Köfnunarefni
italiano: Azoto
日本語: 窒素
Patois: Naichojen
la .lojban.: trano
Basa Jawa: Nitrogen
ქართული: აზოტი
Kabɩyɛ: Azɔɔtɩ
Gĩkũyũ: Nitrogen
қазақша: Азот
ភាសាខ្មែរ: អាសូត
ಕನ್ನಡ: ಸಾರಜನಕ
한국어: 질소
Ripoarisch: Stickstoff
kurdî: Nîtrojen
коми: Азот
Кыргызча: Азот
Latina: Nitrogenium
Lëtzebuergesch: Stéckstoff
лезги: Азот
Limburgs: Stikstof
Ligure: Azoto
lumbaart: Azoto
lingála: Azoti
lietuvių: Azotas
latviešu: Slāpeklis
Māori: Hauota
македонски: Азот
മലയാളം: നൈട്രജൻ
монгол: Азот
मराठी: नत्रवायू
кырык мары: Азот
Bahasa Melayu: Nitrogen
Malti: Ażotu
မြန်မာဘာသာ: နိုက်ထရိုဂျင်
эрзянь: Азот
Nāhuatl: Ehēcatehuiltic
Plattdüütsch: Stickstoff
नेपाली: नाइट्रोजन
नेपाल भाषा: नाइट्रोजन
Nederlands: Stikstof (element)
norsk nynorsk: Nitrogen
norsk: Nitrogen
Novial: Nitrogene
occitan: Azòt
Livvinkarjala: Azot
Ирон: Азот
ਪੰਜਾਬੀ: ਨਾਈਟਰੋਜਨ
Kapampangan: Nitrogen
Papiamentu: Nitrogeno
polski: Azot
Piemontèis: Asòt
پنجابی: نائیٹروجن
português: Azoto
Runa Simi: Qullpachaq
română: Azot
armãneashti: Azotu
русский: Азот
русиньскый: Азот
संस्कृतम्: नैट्रोजन्
sicilianu: Azzotu
Scots: Nitrogen
srpskohrvatski / српскохрватски: Dušik
Simple English: Nitrogen
slovenčina: Dusík
slovenščina: Dušik
chiShona: Nitrogen
Soomaaliga: Nitrojiin
shqip: Azoti
српски / srpski: Азот
Seeltersk: Stikstof
Basa Sunda: Nitrogén
svenska: Kväve
Kiswahili: Nitrojeni
தமிழ்: நைட்ரசன்
తెలుగు: నత్రజని
тоҷикӣ: Азот
Tagalog: Nitroheno
Türkçe: Azot
татарча/tatarça: Азот
ئۇيغۇرچە / Uyghurche: ئازوت
українська: Азот
oʻzbekcha/ўзбекча: Azot
vèneto: Azoto
vepsän kel’: Azot
Tiếng Việt: Nitơ
Winaray: Nitroheno
吴语:
хальмг: Нитроҗен
ייִדיש: אזאט
Yorùbá: Nítrójìn
中文:
文言:
Bân-lâm-gú: Chit-sò͘
粵語: