Miotal trom (ceol)

Téarma rac-cheoil is ea miotal trom, nó ceol trom-mhiotalach, a tháinig ar an saol ag deireadh na 1960idí agus i dtús na 1970idí. I ndáiríre is comhcheangal idir na gormacha agus rac-cheol crua é. Is iad Led Zeppelin, Black Sabbath agus Deep Purple na rac-bhannaí is minice a luaitear nuair a phléitear na daoine a chuir tús leis.

Tháinig an miotal trom go mór chun cinn sna hochtóidí le bannaí ceoil ar nós Metallica Slayer agus Testament . Tháinig cineálacha nua ar an bhfód ina dhiaidh sin, ar nós "miotal nua" na nóchaidí, nuair is beag suim a bhí sa mhiotal i gcomórtas leis na hochtóidí. Bhí Korn, Slipknot agus Machinehead ar na bannaí ba cháiliúla agus ba rathúla.

Tar éis na nóchaidí tharla saghas athbheochana de bharr leithéidí Trivium, Shadows Fall agus Bullet for my Valentine a dhul i mbun an tsaghas miotail a raibh ráchairt air sna hochtóidí. Ba í an difríocht ba mhó a bhí idir na sean-bhannaí miotail agus na cinn nua ná déanamh na n-amhrán, agus an giotár aonair le cloisteáil iontu arís. Ní dhéantaí seo sna nóchaidí agus an oiread sin léiritheoirí, leithéid Ross Robinson, go mór ina choinne. Chomh maith leis seo, bhí sé de nós ag a lán bannaí nua miotail na giotáir a bheith i ngléas an-íseal nó giotáir seacht sreang (nó ocht sreang féin) a úsáid.

Tháinig cuid de na bannaí nua faoi anáil an "rap-cheoil", rud atá le haithint ar Limp Bizkit nó fiú amháin ar an "rap-cheolaí" Ice Cube agus é ag canadh san amhrán "Children of the Korn" ar Follow The Leader, an tríú halbam de chuid Korn.

Dá bhrí sin tugtar "bannaí na seanscoile" ar bhannaí na n-ochtóidí, leithéid Slayer, banna atá ag seinm fós. Is féidir a rá go bhfuil ceol na "seanbhannaí" ag dul i gcion ar na bannaí atá anois ann.

  • seánraí

Seánraí

  • Miotal báis
  • Miotal dubh
  • Miotal nua
  • Miotal treascair


Other Languages
Afrikaans: Heavy metal
Alemannisch: Heavy Metal
aragonés: Heavy metal
asturianu: Heavy metal
azərbaycanca: Metal musiqi
Boarisch: Metal
žemaitėška: Metala mozėka
беларуская: Метал (музыка)
беларуская (тарашкевіца)‎: Мэтал (музыка)
български: Хеви метъл
brezhoneg: Heavy metal
bosanski: Heavy metal
català: Heavy metal
čeština: Heavy metal
Deutsch: Metal
Ελληνικά: Heavy metal
emiliàn e rumagnòl: Heavy metal
Esperanto: Metalroko
español: Heavy metal
euskara: Heavy metal
estremeñu: Heavy Metal
føroyskt: Heavy Metal
français: Heavy metal
furlan: Heavy metal
Gàidhlig: Meatailt throm
galego: Heavy metal
עברית: הבי מטאל
hrvatski: Heavy metal
magyar: Heavy metal
հայերեն: Մետալ
interlingua: Metal
Bahasa Indonesia: Heavy metal
íslenska: Þungarokk
italiano: Heavy metal
ქართული: მძიმე მეტალი
한국어: 헤비 메탈
Lëtzebuergesch: Metal
Limburgs: Metal
македонски: Хеви метал музика
монгол: Метал рок
Bahasa Melayu: Muzik heavy metal
مازِرونی: هوی متال
Nedersaksies: Metal (muziek)
नेपाल भाषा: हेभी मेटल संगीत
Nederlands: Heavy metal
norsk nynorsk: Heavy metal
occitan: Heavy metal
Picard: Heavy metal
polski: Heavy metal
português: Heavy metal
Runa Simi: Heavy metal
română: Heavy metal
русский: Метал
srpskohrvatski / српскохрватски: Heavy metal
Simple English: Heavy metal music
slovenčina: Heavy metal
slovenščina: Metal
српски / srpski: Хеви метал
svenska: Heavy metal
ślůnski: Hewimetal
Türkçe: Heavy metal
oʻzbekcha/ўзбекча: Heavy metal
vèneto: Heavy Metal
Tiếng Việt: Heavy metal
West-Vlams: Metal (muzik)
მარგალური: მონკა მეტალი