Mearcair (airgead beo)

Mearcair
Siombail CheimiceachHg
Uimhir Adamhach80
Meáchan Adamhach200.59(2) g·mol−1
Grúpa, Peiriad12, 6, d
Dlús13.534 g·cm−3
Sraith CheimiceachMiotail trasdultacha
Hg-TableImage.svg

Dúil cheimiceach is ea an mearcair nó an t-airgead beo, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 80. Tá sé 200.59 g/mol ar mheáchan adamhach, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Hg, atá bunaithe ar an bhfocal Laidne hydrargyrum. Is é an mearcair an t-aon mhiotal amháin atá ina leacht le teocht agus brú an tseomra, agus is dúil nimhiúil é nach féidir leis an gcolainn dhaonna aon úsáid ná leas a bhaint aisti.

Tá seacht n-iseatóp nádúrtha ag an mearcair, mar atá, 196Hg (0.15 % de mhearcair an dúlra), 198Hg (9.97 % de mhearcair an dúlra), 199Hg (16.87 %), 200Hg (23.1 %), 201Hg (13.18 %), 202Hg (29.86 % - an t-iseatóp is flúirsí), agus 204Hg (6.87 %).

Tá mearcair ar fáil ar fud an domhain, go háirithe i bhfoirm cionnabair, is é sin, suilfíd mhearcair nó HgS. Cosúil leis na comhdhúile mearcair go léir, is nimh dhainséarach é an cionnabar, ach mar sin féin, baintear úsáid as mar ábhar datha (dathlí) i bhfoirm phúdraithe ar a dtugtar flanndearg. Is féidir leas a bhaint as an miotal féin agus as a chuid comhdhúl ar a lán bealaí eile. Mar sin, úsáidtear mearcair miotalach i dteirmiméadair, i mbaraiméadair, i manaiméadair agus i sfigmeamanaiméadair - is é sin, i ngléasanna a thomhaiseann teocht nó brú. Tugtar malgaim ar chóimhiotail a bhfuil mearcair iontu, agus cuirtear malgam sna fiacla, mar shampla, leis na bearnaí a líonadh. Inniu, áfach, táthar buartha brónach faoi chomh dainséarach is atá an mearcair don duine, agus dá réir sin, táthar ag éirí as úsáid an mhearcair a fhad agus is féidir.

Is dual don mhearcair meascadh tríd na miotail eile agus cóimhiotail - malgaim - a dhéanamh leo. Tá an t-iarann ar an mbeagán miotal nach malgamaítear, agus mar sin, is gnách mearcair a choinneáil i gcoimeádáin iarainn.

Triathmhiotal é an mearcair. Is é sin, ní féidir leis na gnáthaigéid é a chreimeadh. Teastaíonn aigéad nítreach nó sulfarach leis an mearcair a ocsaídiú.

Tá dhá uimhir ocsaídiúcháin ag an mearcair, mar atá, +1 (na comhdhúile mearcarúla) agus +2 (na comhdhúile mearcaracha).


Other Languages
Afrikaans: Kwik
አማርኛ: ባዜቃ
العربية: زئبق
مصرى: زيبق
azərbaycanca: Civə
Bikol Central: Asugi
беларуская: Ртуць
беларуская (тарашкевіца)‎: Ртуць
български: Живак
भोजपुरी: पारा
বাংলা: পারদ (মৌল)
བོད་ཡིག: མེར་ཁུ་རི།
brezhoneg: Bevargant
bosanski: Živa
Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄: Cūi-ngṳ̀ng
کوردی: جیوە
čeština: Rtuť
Чӑвашла: Чĕркĕмĕл
dansk: Kviksølv
Deutsch: Quecksilber
ދިވެހިބަސް: ދިރޭރަހަ
Ελληνικά: Υδράργυρος
emiliàn e rumagnòl: Mercùri
Esperanto: Hidrargo
eesti: Elavhõbe
فارسی: جیوه
suomi: Elohopea
føroyskt: Kyksilvur
français: Mercure (chimie)
Nordfriisk: Kwaksalwer
Avañe'ẽ: Kuarepotimembe
ગુજરાતી: પારો
Gaelg: Mercur
客家語/Hak-kâ-ngî: Súi-ngiùn
Hawaiʻi: Melekulia
עברית: כספית
हिन्दी: पारा
Fiji Hindi: Mercury (element)
hrvatski: Živa
Kreyòl ayisyen: Mèki (eleman chimik)
magyar: Higany
հայերեն: Սնդիկ
Արեւմտահայերէն: Սնդիկ
interlingua: Mercurio (elemento)
Bahasa Indonesia: Raksa
íslenska: Kvikasilfur
日本語: 水銀
la .lojban.: margu
Kabɩyɛ: Mɛrɩkɩrɩ
Gĩkũyũ: Mercury
қазақша: Сынап
ಕನ್ನಡ: ಪಾದರಸ
한국어: 수은
Перем Коми: Ртуть
kurdî: Zîbeq
коми: Тюрк
Кыргызча: Сымап
Latina: Hydrargyrum
Lëtzebuergesch: Quecksëlwer
Limburgs: Kwik
lietuvių: Gyvsidabris
latviešu: Dzīvsudrabs
олык марий: Майдар
Māori: Konuoi
македонски: Жива
മലയാളം: രസം (മൂലകം)
монгол: Мөнгөн ус
मराठी: पारा
кырык мары: Ртуть
Bahasa Melayu: Raksa
မြန်မာဘာသာ: မာကျူရီ (ဒြပ်စင်)
эрзянь: Эрексия
مازِرونی: جیوه
Nāhuatl: Yōliamochitl
Plattdüütsch: Quecksülver
नेपाली: पारो
नेपाल भाषा: पारो
Nederlands: Kwik
norsk nynorsk: Kvikksølv
norsk: Kvikksølv
Diné bizaad: Béésh tózháanii
Livvinkarjala: Artugu
ଓଡ଼ିଆ: ପାରଦ
Ирон: Джынасу
ਪੰਜਾਬੀ: ਪਾਰਾ
Kapampangan: Asugi
polski: Rtęć
Piemontèis: Mercuri (element)
پنجابی: پارہ
پښتو: پاره
Runa Simi: Yaku qullqi
armãneashti: Ghearyiru
русский: Ртуть
संस्कृतम्: पारदः
davvisámegiella: Eallisilba
srpskohrvatski / српскохрватски: Živa
සිංහල: රසදිය
Simple English: Mercury (element)
slovenčina: Ortuť
slovenščina: Živo srebro
Soomaaliga: Meerkuri
shqip: Merkuri
српски / srpski: Жива
Seeltersk: Kwäksäälwer
Basa Sunda: Cai raksa
svenska: Kvicksilver
Kiswahili: Zebaki
ślůnski: Żywe strzybło
தமிழ்: பாதரசம்
తెలుగు: పాదరసము
ไทย: ปรอท
Tagalog: Asoge
Türkçe: Cıva
татарча/tatarça: Терекөмеш
українська: Ртуть
اردو: پارہ
oʻzbekcha/ўзбекча: Simob
vepsän kel’: Artut'
Tiếng Việt: Thủy ngân
Winaray: Asoge
吴语:
хальмг: Мөңгүсан
isiXhosa: I-Mercury
Yorùbá: Fàdákàolómi
Vahcuengh: Raemxngaenz
中文:
文言:
Bân-lâm-gú: Chúi-gîn
粵語: 水銀