Matthew Hussey

Matthew Hussey
Matthew hussey.jpg
  Contae Thiobraid Árann
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Eolaí, scríbhneoir, údar, léachtóir

Tá aithne ar an Ollamh Matthew Hussey mar Cheann ar roinn na fisice agus mar Stiúrthóir/Déan ar Dhámh na hEolaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus mar scríbhneoir leis na blianta, i nGaeilge agus i mBéarla, maidir le cúrsaí teicniúla. Is iomaí alt atá scríofa aige, agus is é atá laistiar den chiclipéid eolaíochta is cuimsithí dá bhfuil ann sa Ghaeilge, Fréamh an Eolais. Ina chuid scríbhinní Gaeilge, is ar an ngnáthléitheoir ar suim leis cúrsaí teicniúla a dhíríonn sé.

Saol

Saol pearsanta

Rugadh é i gCathair Dhún Iascaigh, i gcroílár Chontae Thiobraid Árainn, [1] duine as clann dháréag.

Saol acadúil

Bhain an tOllamh Matthew Hussey céim san innealtóireacht amach i g Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, sa bhliain 1963 (BE). Thug sé aghaidh ansin ar na Stáit Aontaithe, go hOllscoil Phennsylvania Philadelphia, áit a bhain sé céim mháistreachta (MSc) agus céim dhochtúireachta (PhD) amach faoi seach sna blianta 1967 agus 1970. Agus é ar an ollscoil sna Stáit, bhí sé gafa go dlúth le hobair taighde i réimse na bithinnealtóireachta.

Sa bhliain 1970, d'fhill sé ar an Eoraip, go Glaschú na hAlban, áit ar ghlac sé le post mar fhisiceoir sinsearach leis an Seirbhís Náisiúnta Shláinte agus Scoil na Fiaclóireachta in Ollscoil Ghlaschú. Agus é ansin, rinne sé taighde, forbairt, múineadh, agus léachtóireacht, mar aon le seirbhísí cliniciúla a chur ar fáil maidir le h ultrafuaim, séadairí cairdiacha, tomhais chliniciúla is bith-ábhair fhiaclóireachta.

Sa bhliain 1975, d'fhill sé ar Éirinn agus ceapadh é mar léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i Roinn na Fisice, agus mar Cheann na roinne sin sa tréimhse 1983-1995. Díreach ina dhiaidh sin ceapadh é mar Stiúrthóir/Déan ar Dhámh na hEolaíochta, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2007. Lean sé air i mbun taighde agus léachtóireachta sa choláiste thar an achar seo go léir, mar aon le bheith gafa le gcúrsaí riaracháin, go háirithe le forbairt ar chláir acadúla agus le forbairt straitéiseach i gcúrsaí ard-oideachais. Lean sé air i mbun scríbhneoireachta agus é san institiúid, mar is léir óna tháirgiúlacht thar na blianta.

Saol spóirt

Agus é óg, agus fós ina chónaí i gCathair Dhún Iascaigh, léirigh sé an-spéis i gcúrsaí spóirt. Bhí sé gafa le liathróid láimhe, iomáint, peil, rith tras-tíre agus é i mbun staidéir. Bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh craobhacha contae (óigeanta agus mionúr) sa pheil agus craobhacha an chontae theas (óigeanta agus mionúr) san iomáint, ré beag órga sa chlub áitiúil. D'imir sé peil mionúr do Thiobraid Árann ar ócáid amháin.

Tar éis dó bogadh go Baile Átha Cliath, agus é ag freastal ar Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, d'imir sé liathróid láimhe (mionúr) do chontae Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh sé craobhacha contae sa liathróid láimhe (óigeanta, sóisearach is sinsearach) i mBaile Átha Cliath. Chabhraigh sé le club liathróid láimhe a eagrú san ollscoil agus bhí sé ar fhoireann an choláiste a bhuaigh an chéad chomórtas idir-ollscoileanna uile-Éireann.

Other Languages