John Boorman

John Boorman sa bhliain 2005

Stiúrthóir agus fear mór scannánaíochta é John Boorman, a tháinig chun saoil i Surrey, Sasana, ar an 18 Eanáir 1933. Sasanach atá ann, agus é ina chónaí in Áth na mBó, Contae Chill Mhantáin, Éire. B'iad a chuid príomhscannán a thabhaigh a chlú dó, cosúil le Point Blank, Deliverance, Excalibur, Hope and Glory, The General agus Zardoz.

A Óige agus Tús a Ghairmréime

Rugadh John Boorman i Shepperton i gcontae Surrey. B'iad Ivy Chapman agus George Boorman a thuismitheoirí. Cé nach raibh sé ina Chaitliceach, chuaigh sé ar scoil na Sailéiseach i Chertsey sa chontae céanna. Ar dtús, chuaigh sé le tirimghlantóireacht agus le hiriseoireacht mar shlí bheatha, ach ansin, d'éirigh leis jab a fháil ag an mBBC ag déanamh scannáin fhaisnéise.

Other Languages
العربية: جون بورمان
brezhoneg: John Boorman
català: John Boorman
Deutsch: John Boorman
English: John Boorman
español: John Boorman
euskara: John Boorman
فارسی: جان بورمن
français: John Boorman
galego: John Boorman
hrvatski: John Boorman
magyar: John Boorman
Bahasa Indonesia: John Boorman
italiano: John Boorman
latviešu: Džons Būrmens
Nederlands: John Boorman
polski: John Boorman
português: John Boorman
русский: Бурмен, Джон
Simple English: John Boorman
svenska: John Boorman
Türkçe: John Boorman