Gníomhaireacht Spáis na Rúise

Федеральное космическое агентство России
Roscosmos logo ru.svg
Ceanncheathrú: Moscó
Ard-Rúnaí: Oleg Ostapenko
Foirmiú: 1992
Suíomh gréasáin oifigiúl: Roscosmos.ru

Bunaithe ag rialtas na Rúise i 1992 chun clár tráchtálach spáis na tíre a riaradh, ag baint leas as áiseanna an iar-Aontais Shóivéadaigh. Sa Rúis atá an chuid is mó díobh seo, ach tá cuid díobh taobh amuigh di agus ar fáil ar bhonn tráchtálach (mar shampla, an cosmadrón lainseála in mBaikonur sa Chasacstáin, agus Cumann Taighde is Forbartha Yuzhnoye chun feithiclí lainseála a dhéanamh san Úcráin). Bhíodh an clár spáis Sóivéadach ceannasach ar feadh i bhfad tar éis lainseáil Sputnik i 1957. Feidhmíonn an ghníomhaireacht ar bhealach atá cosúil le NASA. 3 ionad lainseála aici, Baikonur, Plesetsk, agus Kaputstin Yar, a lainseáil suas le 100 spásárthach in aghaidh na bliana le blianta anois. Tá áis chun na misin a rialú lonnaithe i gKaliningrad gar do Mhoscó. I measc a scéimeanna tábhachtacha reatha, tá an misean réalteolaíochta ardfhuinnimh (i gcomhar leis an bhFrainc), agus an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta (ISS, le scata comhoibrithe).


Other Languages
বাংলা: রসকসমস
čeština: Roskosmos
Deutsch: Roskosmos
English: Roscosmos
Esperanto: Roskosmos
français: Roscosmos
עברית: רוסקוסמוס
italiano: Roscosmos
Lëtzebuergesch: Roskosmos
lietuvių: Roskosmos
latviešu: Roskosmos
Nederlands: Roskosmos
norsk: Roskosmos
polski: Roskosmos
русский: Роскосмос
srpskohrvatski / српскохрватски: Ruska svemirska agencija
српски / srpski: Роскосмос
Kiswahili: Roskosmos
Türkçe: Roskosmos
татарча/tatarça: Роскосмос
українська: Роскосмос