George Martin

Sir George Martin.

Ba léiritheoir agus cumadóir ceoil é Sir George Martin (3 Eanáir, 1926 - 9 Márta, 2016 [1]) a rugadh i Londain, Sasana). Ba é Martin a shínigh conarthaí ceoil leis an mbanna rac-cheoil The Beatles, agus léirigh sé fórmhór a gcuid albam. Dá bhrí sin is minic a thugtar "an cúigiú Beatle" air.

Cúlra

Rugadh Martin i Holloway i dtuaisceart Londan sa bhliain 1926. Siúinéir ba ea a athair, agus teaghlach bocht a bhí ann, rud a d’fhág nach raibh Martin ábalta stáidéar a dhéanamh ar an gceol. Ba mhór an tsuim a bhí aige ann, áfach, agus d'fhoghlaim sé conas an pianó a sheinm uaidh féin. Sa bhliain 1943, agus é in aois a sheacht mbliana déag, rinneadh píolóta agus oifigeach de sa Chabhlach Ríoga, ach chríochnaigh an cogadh sula raibh deis aige dul ag troid, agus d’fhág sé an tseirbhís sa bhliain 1947. Bhí sé sa Guildhall School of Music and Drama idir na blianta 1947 agus 1950, áit a ndearna sé staidéar ar an bpianó agus ar an óbó, agus suim aige i gceol Rachmaninov, Ravel, Cole Porter agus Johnny Dankworth.

Ar 3 January 1948 phós sé Sheena Chisholm, agus bhí beirt pháistí acu: Alexis agus Gregory. Phós sé Judy Lockhart-Smith ar 24 June 1966, agus rugadh beirt pháistí eile: Lucy agus Giles.

An chéad cheirnín a rinne The Beatles faoi choimirce Parlophone. Martin a léirigh.

Ina dhiaidh sin fuair sé post sa BBC sa rannóg chlasaiceach. Sa bhliain 1950 chuaigh sé ag obair le Parlophone, comhlacht a bhain le EMI, agus é ag taifeadadh ceol clasaiceach agus barócach, ceol réigiúnach na Breataine agus foireann bhunaidh drámaí mór-ratha, in éineacht leis na fuirseoirí Peter Sellers, Rolf Harris, Peter Ustinov, Peter Cook, Dudley Moore agus na Goons. Níos déanaí dúirt John Lennon go raibh sé sásta dul ag obair le Martin toisc gur thaitin na Goons chomh mór sin leis. Tháinig rath air mar léiritheoir de bharr an tseó Beyond the Fringe, agus ba í dea-obair Martin a chuir Parlophone chun cinn.

Other Languages
Alemannisch: George Martin
български: Джордж Мартин
català: George Martin
čeština: George Martin
Cymraeg: George Martin
Deutsch: George Martin
English: George Martin
euskara: George Martin
français: George Martin
hrvatski: George Martin
Հայերեն: Ջորջ Մարթին
Bahasa Indonesia: George Martin
italiano: George Martin
ქართული: ჯორჯ მარტინი
한국어: 조지 마틴
norsk nynorsk: George Martin
português: George Martin
română: George Martin
sicilianu: George Martin
srpskohrvatski / српскохрватски: George Martin
Simple English: George Martin
slovenčina: George Martin
српски / srpski: Џорџ Мартин
svenska: George Martin
Türkçe: George Martin
Tiếng Việt: George Martin
Bân-lâm-gú: George Martin