Fótaimicreagraf

Grianghraf réada a bhreathnítear trí mhicreascóp. I gcórais optúla is féidir formhéadú suas le × 2000 a bhaint amach, agus teicníochtaí feabhsaithe íomháithe, cosúil le soilsiú dúréimse, paschodarsnacht, is polarú daite, a úsáid. Le leictreonmhicreascóp is gá grianghraf den íomhá scanta a thógáil ó fheadán léirithe ardghéire le tréimhse fhada nochta chun earráidí a bhaineann leis an scanadh a sheachaint. Sa chás seo, is féidir formhéadú suas le × 106 a bhaint amach.


Other Languages
العربية: صورة مجهرية
azərbaycanca: Mikrofotoqrafiya
català: Micrografia
čeština: Mikrofotografie
English: Micrograph
español: Micrografía
italiano: Micrografia
português: Microfotografia
Simple English: Micrograph
Türkçe: Mikrograf
українська: Мікрофотографія
中文: 顯微照相