Eirgeanamaíocht

Staidéar ar obair, dearadh an láthair oibre, anailís is traenáil scileanna na hoibre, agus iarmhairtí na timpeallachta fisiciúla is síceolaíche, cosúil le strus na hoibre, earráidí is taismí. Úsáidtear na téarmaí ‘innealtóireacht dhaonna’ is ‘fachtóirí daonna’ don disciplín seo freisin. Go minic, is gá comhoibriú idir anatamaithe, fiseolaithe, síceolaithe is innealtóirí sa staidéar seo, ina mbailítear cuid mhaith sonraí ar chumais na colainne daonna. Tosaíodh uirthi go luath sa 20ú céad nuair a tugadh isteach olltáirgeadh earraí go forleathan agus a rinneadh staidéir ama is gluaiseachta chun tascanna a anailísiú is a fheabhsú. Tagann torthaí na saothar seo san áireamh i ndearadh monarchana is oifigí, leagan amach staisiúin cumhachta, agus dearadh ionstraimí i bhfeithiclí. Déantar moltaí maidir le torann is truaillithe eile, tréimhsí oibre, agus coinníollacha soilsithe. Leis an méadú san uathoibriú ar gach gné den obair, is lú an bhéim anois ar chomhordú láimhe is súile ná ar mhonatóiriú eolais is cinnteoireacht. Roimh na 1970idí bhíodh an-bhéim ar idirghníomhuithe duine/ meaisín, ach is mó ar fad an bhéim anois ar idirghníomhuithe duine/ríomhaire. I measc na gceannródaithe sa disciplín seo, bhí an t-innealtóir Meiriceánach Frederick W. Taylor (1856-1915) agus an cúpla Meiriceánach Lillian (1868-1972) is Frank (1868-1924) Gilbreth.


Other Languages
العربية: عوامل بشرية
azərbaycanca: Erqonomika
български: Ергономия
bosanski: Ergonomija
català: Ergonomia
čeština: Ergonomie
dansk: Ergonomi
Deutsch: Ergonomie
Ελληνικά: Εργονομία
Esperanto: Ergonomio
español: Ergonomía
euskara: Ergonomia
فارسی: ارگونومی
suomi: Ergonomia
français: Ergonomie
galego: Ergonomía
עברית: ארגונומיה
hrvatski: Ergonomija
magyar: Ergonómia
հայերեն: Էրգոնոմիկա
Bahasa Indonesia: Ergonomika
italiano: Ergonomia
日本語: 人間工学
ქართული: ერგონომიკა
қазақша: Эргономика
한국어: 인간공학
lietuvių: Ergonomika
latviešu: Ergonomika
Nederlands: Ergonomie
norsk nynorsk: Ergonomi
norsk: Ergonomi
polski: Ergonomia
português: Ergonomia
română: Ergonomie
русский: Эргономика
srpskohrvatski / српскохрватски: Ergonomija
slovenčina: Ergonómia
slovenščina: Ergonomija
српски / srpski: Ергономија
svenska: Ergonomi
Tagalog: Ergonomiya
Türkçe: Ergonomi
українська: Ергономіка
oʻzbekcha/ўзбекча: Ergonomika
Tiếng Việt: Công thái học
Winaray: Ergonomiya