Dátú radacharbóin

Modh dátaithe ábhar orgánach atá suas le 80,000 bliain d'aois, a d'fhorbair Willard Libby i 1948-1949. Ionsúnn ainmhithe is plandaí beo carbón, cuid de an t- iseatóp radaighníomhach C-14. Nuair a fhaigheann an t-orgánach bás ní thógann sé tuilleadh carbóin isteach, agus de réir mar a mheathann an C-14 ann, laghdaíonn a chodán den charbón iomlán ann. Bíonn an codán seo intomhaiste i sampla an-bheag, fiú, agus díreach i gcomhréir leis an bhfad ama ó bhás an orgánaigh. An-tábhachtach i ndátú seandálaíoch.


Other Languages
Bahasa Indonesia: Penanggalan radiokarbon
Nederlands: C14-datering
norsk nynorsk: Radiokarbondatering
srpskohrvatski / српскохрватски: Radiokarbonsko datiranje
Simple English: Radiocarbon dating