Crómasóm

Cur síos ar struchtúr an chrómasóim.

Is éard is crómasóm ann saghas pacáiste atá le fáil i gcealla agus aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ( ADN) (DNA), próitéiní agus RNA ann. Déanann na próitéiní feidhmeanna ADN a rialú.

Tá faisnéis ghéiniteach an orgánaigh ionchódaithe san ADN crómasómach. Tá roinnt speiceas ann a bhfuil plasmaidí nó eilimintí géiniteacha eile iontu.

Is mór an difríocht idir crómasóim in orgánaigh dhifriúla. D'fhéadfadh cruth ciorclach nó líneach a bheith orthu agus iad déanta de 100,000 núicléitíd ar a laghad ina slabhra fada. Crómasóim líneacha móra a bhíonn sna cealla eocarótacha (cealla núicléatacha) agus crómasóim chiorclacha níos lú a bhíonn sna cealla prócarótacha (cealla gan núicléas), cé go mbíonn eisceachtaí go leor bainteach leis an riail seo. Chomh maith leis sin, is féidir cineálacha éagsúla crómasóm a bheith ann; mar shampla, bíonn a gcuid crómasóm beag féin ag miteacoindrí sna chuid is mó de na eocaróit agus de chlóraplaist phlandaí.

Sna heocaróit bíonn próitéiní freagrach as na crómasóim núicléacha a phacáistiú i struchtúr comhdhlúite a dtugtar crómaitin air.

Ligeann sé seo dos na móilíní an-fhada ADN a bheith feistithe istigh sa chill-núicléas. Ní hionann struchtúr na gcrómasóm agus na cromatine i rith an timthrialla chille. Is iad na crómasóim na haonaid riachtanacha i gcomhair na cilldeighilte, agus caithfidh siad bheith macasamhlaithe, roinnte agus curtha ar aghaidh, go rathúil, chuig a gcuid mac-cheall, ionas go gcinnteofar an éagsúlacht ghéiniteach agus go mairfí a sleachta. Is féidir crómasóim a bheith ann i riocht dhúbailte nó dídhúbailte. Is i bhfoirm snáitheanna líneacha amháin a bhíonn na crómasóim dídhúbailte, cé go mbíonn dhá chóip chomhionanna (ar a dtugtar crómaitidí) nasctha ag ceintrimír sna crómasóim dhúbailte.

.

De thoradh ar dlúthú na gcrómasóm dídhúbailte le linn miotóise agus méóise a fhaightear an struchtúr clasaiceach 'ceithre ghéag' (sa phictiúr ar dheis). Imríonn an athchuingir chrómasómach ról ríthábhachtach san éagsúlacht ghéiniteach. Má tá na struchtúir ionramháilte go mícheart, trí phróisis ar a dtugtar éagobhsaíocht chrómasómach agus trasghluaiseacht chrómasómach, féadfaidh an chill catastróf mhiotóiseach a fhulaingt agus bás a fháil, nó d'fhéadfadh sé, gan choinne, an apaptóis a seachaint, lena dtagtar dul chun cinn na hailse.

Other Languages
Afrikaans: Chromosoom
Alemannisch: Chromosom
العربية: كروموسوم
asturianu: Cromosoma
azərbaycanca: Xromosom
تۆرکجه: کوروموزوم
беларуская: Храмасома
български: Хромозома
brezhoneg: Kromozom
bosanski: Hromosom
català: Cromosoma
Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄: Niēng-sáik-tā̤
کوردی: کرۆمۆسۆم
čeština: Chromozom
Cymraeg: Cromosom
dansk: Kromosom
Deutsch: Chromosom
Ελληνικά: Χρωμόσωμα
English: Chromosome
Esperanto: Kromosomo
español: Cromosoma
eesti: Kromosoom
euskara: Kromosoma
فارسی: کروموزوم
suomi: Kromosomi
français: Chromosome
Nordfriisk: Kromosoom
Frysk: Gromosoom
galego: Cromosoma
客家語/Hak-kâ-ngî: Ngiam-set-thí
עברית: כרומוזום
हिन्दी: गुण सूत्र
hrvatski: Kromosomi
Kreyòl ayisyen: Kwomozòm
magyar: Kromoszóma
Հայերեն: Քրոմոսոմ
Bahasa Indonesia: Kromosom
íslenska: Litningur
italiano: Cromosoma
日本語: 染色体
Basa Jawa: Kromosom
ქართული: ქრომოსომა
한국어: 염색체
Kurdî: Kromozom
Кыргызча: Хромосомалар
Latina: Chromosoma
lumbaart: Cromusoma
lietuvių: Chromosoma
latviešu: Hromosoma
олык марий: Хромосом
македонски: Хромозом
монгол: Хромосом
मराठी: गुणसूत्र
Bahasa Melayu: Kromosom
မြန်မာဘာသာ: ခရိုမိုဆုမ်း
नेपाली: गुणसूत्र
Nederlands: Chromosoom
norsk nynorsk: Kromosom
norsk: Kromosom
occitan: Cromosòma
ਪੰਜਾਬੀ: ਗੁਣਸੂਤਰ
polski: Chromosom
پنجابی: کروموسوم
português: Cromossomo
română: Cromozom
русский: Хромосома
Scots: Chromosome
srpskohrvatski / српскохрватски: Kromosom
Simple English: Chromosome
slovenčina: Chromozóm
slovenščina: Kromosom
shqip: Kromozomi
српски / srpski: Хромозом
Basa Sunda: Kromosom
svenska: Kromosom
Kiswahili: Chembeuzi
తెలుగు: వారసవాహిక
тоҷикӣ: Хромосома
Tagalog: Kulaylawas
Türkçe: Kromozom
татарча/tatarça: Хромосома
українська: Хромосома
oʻzbekcha/ўзбекча: Xromosomalar
Tiếng Việt: Nhiễm sắc thể
Winaray: Kromosoma
isiXhosa: I-chromosome
ייִדיש: כראמאזאם
Yorùbá: Krómósómù
中文: 染色体
Bân-lâm-gú: Jiám-sek-thé
粵語: 染色體