Cogadh Cathartha na Spáinne

Cogadh Cathartha na Spáinne
Cogadh Cathartha na Spáinne

"Bás Saighdiúir Dílseora," pictiúr cáiliúil de Federico Borrell García tógtha ag Robert Capa

Dáta: 17 Iúil, 19361 Aibreán 1939
Áit: An Spáinn
Toradh: Bua leis na Náisiúnaithe. Lánscor Dara Phoblacht na Spáinne. Ceannasaíocht Francisco Franco go dtí 1979
Céilí comhraic
Flag of Spain (1931 - 1939).svg Dara Phoblacht na Spáinne

Flag of the Soviet Union (1936-1955).svg An tAontas Sóivéadach
Flag of the International Brigades.svg Na Briogáidí Idirnáisiúnta
Flag of Mexico (1934-1968).png Meicsiceo

Flag of Spain (1938 - 1945).svg An Spáinn Náisiúnach
  • Bandera FE JONS.svg Falange
  • Flag of Cross of Burgundy.svg Requetés

Flag of Italy.svg An Iodáil
Flag of the German Reich (1935–1945).svg An Ghearmáin
Flag of Portugal.svg An Phortaingéil
Flag of the Irish Blueshirts.svg Na Léinte Gorma

Ceannasaithe
Manuel Azaña
Julián Besteiro
Francisco Largo Caballero
Juan Negrín
Indalecio Prieto
Lluís Companys
Francisco Franco
Gonzalo Queipo de Llano
Emilio Mola
José Sanjurjo
Juan Yagüe
Slua
450,000 (1938) (350 aerárthach, 200 batairí) * 600,000 (1938) (600 aerárthach, 290 batairí) *
Taismigh
~500,000 [1]
* Ó The Spanish Civil War (Thomas) l.628 [2]

Bhí Cogadh Cathartha na Spáinne ar na cogaí cathartha ab fhíochmhaire a troideadh le linn an fichiú haois. D'éirigh Eite Dheis na Spáinne amach i gcoinne rialtas an Frente Popular, meascán de shóisialaithe, chumannaithe agus ainrialaithe a fuair an lámh in uachtar in olltoghchán 1934. Ba shaghas ullmhúcháin do choimhlint ní ba mheasa fós é an cogadh mar bhuail na hidé-eolaíochta naimhdeacha, an Faisisteachas agus an Cumannachas, le chéile le linn na troda.

Foinse an chogaidh

Ba bhlianta casta iad cúig bliana an Dara Poblacht. Tháinig an Phoblacht ar an saol mar chomharba ar riailréim Primo de Rivera, ginearál airm, a bhí i gcumhacht ó 1923 go 1930. Tar éis na dtoghchán áitiúil in Aibreán 1931, ghlac an eite chlé seilbh ar an rialtas. Níor chuir tacaithe an Rí Alfonso XIII i gcoinne na bpoblachtánaithe agus bunaíodh an Dara Poblacht. Theith an rí ón Spáinn.

Ag an am bhí páirtí láir láidir ann a bhí in ann an chumhacht a chothromú idir an dá thaobh. Ach, de réir a chéile chaill an páirtí láir a chumhacht agus tharla polarú polaitiúil sa tír.

Le bunú na Poblachta, thosaigh an eite chlé, a raibh an lámh in uachtar acu tar éis olltoghchán 1931, ar athruithe móra sóisialta a chur i bhfeidhm. Ba é an páirtí sóisialach, an PSOE, an páirtí ba mhó sa pharlaimint. Tugtar an Bienio Progresista nó an dá bhliain forásacha ar na blianta tosaigh seo. Ach ní raibh sé éasca na hathruithe go léir a chur i gcrích go tapaidh agus d'éirigh an pobal mí-shuaimhneach.

D'éirigh scataí ainrialacha amach i gcoinne an rialtais i 1934 agus cuireadh faoi chois iad go neamhbháúil. Thit an rialtas as a chéile agus bhí olltoghchán eile ann a chuir an eite dheis i gcumhacht.

Other Languages
беларуская (тарашкевіца)‎: Грамадзянская вайна ў Гішпаніі
brezhoneg: Brezel Spagn
français: Guerre d'Espagne
Fiji Hindi: Spanish Civil War
Bahasa Indonesia: Perang Saudara Spanyol
한국어: 스페인 내전
Lëtzebuergesch: Spuenesche Biergerkrich
Plattdüütsch: Spaansche Börgerkrieg
नेपाल भाषा: स्पेनी गृहयुद्ध
srpskohrvatski / српскохрватски: Španski građanski rat
Simple English: Spanish Civil War
Bân-lâm-gú: Se-pan-gâ Lōe-chiàn