Calchas

Tá an téarma calchas bunaithe ar an ngiorrúchán Rúisise колхоз (kolkhoz) a thagann as na focail коллекти́вное хозя́йство (kollektivnoye khozyaystvo), a chiallaíonn "eacnamaíocht chomhchoiteann". Mar sin, is feirm chomhsheilbhe é an calchas. Sa bhreis ar na calchais, bhí a leithéidí agus savchais ann, is é sin, "feirmeacha Sóivéadacha" nó feirmeacha de chuid an Stáit. Na hoibrithe a bhí ag obair ar na calchais, ní bhfaighfidís de phá ach a gcuid féin de bharra na feirme. An chuid ba mhó de na barra, áfach, chaithfí iad a dhíol leis an stát ar phraghas réamhshocraithe. Go bunúsach, ní raibh mórán difríochta idir eacnamaíocht na gcalchas agus an seirfeachas feodach, agus bhí córas na bpasanna inmheánacha i bhfeidhm a choisc ar na calchasóirí aistriú ón tuath go dtí an chathair. Mar sin, fágadh na calchasóirí "ceangailte den talamh" cosúil leis na seirfigh i ré an fheodachais.

Bhí de chead ag na calchasóirí seilbh bheag talún a bheith acu chomh maith le cupla beithíoch. Bhí fuath na ndaol ag muintir na tuaithe ar na calchais, ach ar a laghad, cheadaigh an tseilbh phríobháideach dóibh tuilleadh barr a shaothrú a d'fhéadfaidís a dhíol ar phraghas an mhargaidh, agus ba mhinic a thagadh an chuid ba mhó dá dteacht isteach as an tseilbh seo.


Other Languages
العربية: كولخوز
asturianu: Koljós
башҡортса: Колхоз
žemaitėška: Kolkuozos
беларуская: Калгас
беларуская (тарашкевіца)‎: Калгас
български: Колхоз
bosanski: Kolhoz
català: Kolkhoz
čeština: Kolchoz
Чӑвашла: Колхоз
dansk: Kolkhoz
Deutsch: Kolchos
English: Kolkhoz
Esperanto: Kolĥozo
español: Koljós
eesti: Kolhoos
euskara: Kolkhoz
فارسی: کلخوز
suomi: Kolhoosi
français: Kolkhoze
galego: Kolkhoz
עברית: קולחוז
हिन्दी: कोलख़ोज़
hrvatski: Kolhoz
magyar: Kolhoz
Bahasa Indonesia: Kolkhoz
italiano: Kolchoz
日本語: コルホーズ
қазақша: Колхоз
한국어: 콜호스
Кыргызча: Колхоз
lietuvių: Kolūkis
latviešu: Kolhozs
Nederlands: Kolchoz
norsk nynorsk: Kolkhoz
norsk: Kolkos
occitan: Kolkhoz
Ирон: Колхоз
polski: Kołchoz
português: Kolkhoz
română: Colhoz
русский: Колхоз
саха тыла: Холкуос
Scots: Kolkhoz
slovenčina: Kolchoz
српски / srpski: Колхоз
svenska: Kolchos
тоҷикӣ: Колхоз
Türkçe: Kolhoz
татарча/tatarça: Колхоз
українська: Колгосп
oʻzbekcha/ўзбекча: Kolxoz
粵語: 集體農場