Cóbalt
English: Cobalt

Cóbalt
Siombail CheimiceachCo
Uimhir Adamhach27
Meáchan Adamhach58.933195(5) g·mol
Grúpa, Peiriad9, 4, d
Dlús8.90 g·cm−3
Sraith CheimiceachMiotail trasdultacha
Co-TableImage.svg

Is dúil cheimiceach é an cóbalt, agus is miotal é a bhfuil dlúthghaol aige leis an iarann. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 58.933195(5) g·mol−1. Is é an uimhir adamhach atá ag an gcóbalt ná 27, agus is é Co an tsiombail a sheasann dó. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an gcóbalt, is é sin, 59Co. Is féidir iseatóip radaighníomhacha a tháirgeadh go saorga, agus is é 60Co an ceann is cobhsaí acu, nó is í an leathré atá aige ná 5.2714 bliain. Tagann béite-mheath radaighníomhach ar 60Co, agus é ag claochlú go 60Ni, ar ceann d'iseatóip chobhsaí na nicile é.

Miotal airgeadgheal nó liath é an cóbalt, agus fearómaighnéadas ann. Ní féidir teacht ar an gcóbalt sa dúlra i bhfoirm na dúile aonraithe, ach bíonn comhdhúile an chóbailt réasúnta coitianta. Is minic a fhaightear in éineacht nó in aice leis an nicil é. Tá cóbalt riachtanach san orgánach daonna féin, nó is cuid de vitimín B-12 é.

Is iad +2 agus +3 na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí, ach tá +1 ann chomh maith. Tá an iliomad comhdhúile ag an gcóbalt, agus úsáid á baint astu le freastal ar a lán riachtanaisí éagsúla. Mar shampla, is éard atá sa ghorm chóbaltach (cineál dath gorm) ná comhócsáid an chóbailt (uimhir ocsaídiúcháin +2) agus an alúmanaim, CoAl2O4.

Úsáidtear an cóbalt i gcóimhiotail. Thairis sin, úsáidtear iseatóip radaighníomhacha an chóbailt mar rianairí sa mhíochaine - is é sin, cuirtear blúire beag den chóbalt radaighníomhach ag cúrsaíocht i gcolainn agus i meitibileacht an othair le súil is go gcuideodh sé leis an dochtúir galair áirithe, ar nós siadaí urchóideacha, a aithint. Tá an t-iseatóp úd 60Co in ann gáma-radaíocht láidir a astú, agus úsáidtear é le cealla ailse a mharú freisin.

Le bheith beacht, ní hé an cóbalt a astaíonn na gáma-chathanna, ach an t-iseatóp nicile is toradh do bhéite-mheath an chóbailt. Fágann an béite-mheath an nicil flosctha - is é sin, luchtaithe le fuinneamh; agus caithfidh an t-adamh nicile an fuinneamh seo a astú uaidh le staid chobhsaí a bhaint amach.

Uaireanta, déantar tagairt do "bhuama cóbailt", mar shaghas buama adamhach atá níos urchóidí ná an gnáthchineál. Níor tógadh aon cheann den bhuama seo riamh, cé go raibh sé i mbéal an phobail tráth. Is éard a bheadh ina leithéid ná gnáthbhuama adamhach a mbeadh cóbalt ina thimpeall. Nuair a phléascfadh an buama, d'iompódh an gnáthchóbalt ina raidiseatóp - is é 60Co an t-iseatóp a bheadh i gceist - agus chuirfeadh sé go mór mór leis an truailliú radaighníomhach i ndiaidh na pléisce.


Other Languages
Afrikaans: Kobalt
አማርኛ: ኮባልት
aragonés: Cobol
العربية: كوبالت
asturianu: Cobaltu
azərbaycanca: Kobalt
تۆرکجه: کوبالت
беларуская: Кобальт
беларуская (тарашкевіца)‎: Кобальт
български: Кобалт
भोजपुरी: कोबाल्ट
বাংলা: কোবাল্ট
བོད་ཡིག: གོ་བྰལ་
brezhoneg: Kobalt
bosanski: Kobalt
català: Cobalt
Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄: Gū (gĭng-sṳ̆k)
Cebuano: Kobalto
کوردی: کۆبالت
corsu: Cobaltu
čeština: Kobalt
Чӑвашла: Кобальт
Cymraeg: Cobalt
dansk: Kobolt
Deutsch: Cobalt
ދިވެހިބަސް: ކޮބާލްޓް
Ελληνικά: Κοβάλτιο
English: Cobalt
Esperanto: Kobalto
español: Cobalto
eesti: Koobalt
euskara: Kobalto
فارسی: کبالت
suomi: Koboltti
français: Cobalt
Nordfriisk: Koobalt
furlan: Cobalt
Gàidhlig: Còbalt
galego: Cobalto
ગુજરાતી: કોબાલ્ટ
Gaelg: Cobalt
客家語/Hak-kâ-ngî: Cobalt
עברית: קובלט
हिन्दी: कोबाल्ट
Fiji Hindi: Cobalt
hrvatski: Kobalt
magyar: Kobalt
հայերեն: Կոբալտ
Արեւմտահայերէն: Կոբաղդ
interlingua: Cobalt
Bahasa Indonesia: Kobalt
Ido: Kobalto
íslenska: Kóbolt
italiano: Cobalto
日本語: コバルト
la .lojban.: ridjinme
Jawa: Kobalt
ქართული: კობალტი
Kabɩyɛ: Kobalti
қазақша: Кобальт
ಕನ್ನಡ: ಕೋಬಾಲ್ಟ್
한국어: 코발트
kurdî: Kobalt
коми: Кобальт
Кыргызча: Кобальт
Latina: Cobaltum
Lëtzebuergesch: Kobalt
Limburgs: Kobalt
Ligure: Cobalto
lumbaart: Cobalto
lietuvių: Kobaltas
latviešu: Kobalts
македонски: Кобалт
മലയാളം: കൊബാൾട്ട്
монгол: Кобальт
मराठी: कोबाल्ट
кырык мары: Кобальт
Bahasa Melayu: Kobalt
မြန်မာဘာသာ: ကိုဘော့ (ဒြပ်စင်)
эрзянь: Кобальт
Plattdüütsch: Kobalt
नेपाली: कोबाल्ट
नेपाल भाषा: कोबाल्ट
Nederlands: Kobalt
norsk nynorsk: Kobolt
norsk: Kobolt
Diné bizaad: Béésh łibáhí
occitan: Cobalt
Livvinkarjala: Kobal’tu
ଓଡ଼ିଆ: କୋବାଲ୍‌ଟ
ਪੰਜਾਬੀ: ਕੋਬਾਲਟ
पालि: कोबाल्ट
polski: Kobalt
Piemontèis: Cobalt
پنجابی: کوبالٹ
português: Cobalto
Runa Simi: Kubaltu
română: Cobalt
armãneashti: Cobaltu
русский: Кобальт
संस्कृतम्: कोबाल्ट
sicilianu: Cobbaltu
Scots: Cobaut
srpskohrvatski / српскохрватски: Kobalt
සිංහල: කොබෝල්ට්
Simple English: Cobalt
slovenčina: Kobalt
slovenščina: Kobalt
Soomaaliga: Kobalti
shqip: Kobalti
српски / srpski: Кобалт
Seeltersk: Cobalt
Sunda: Kobalt
svenska: Kobolt
Kiswahili: Kobalti
తెలుగు: కోబాల్ట్
тоҷикӣ: Кобалт
Tagalog: Kobalto
Türkçe: Kobalt
татарча/tatarça: Кобальт
ئۇيغۇرچە / Uyghurche: كوبالت
українська: Кобальт
اردو: کوبالٹ
oʻzbekcha/ўзбекча: Kobalt
vepsän kel’: Kobal't (himine element)
Tiếng Việt: Coban
walon: Cobalt
Winaray: Cobalto
吴语:
хальмг: Кобалтион
ייִדיש: קאבאלט
Yorùbá: Cobalt
中文:
文言:
Bân-lâm-gú: Cobalt
粵語: