Buffalo Springfield

Banna rac, folk agus tíre Ceanadach-Mheiriceánach ab ea Buffalo Springfield. B'iad baill an bhanna ná Richie Furay, Stephen Stills, Neil Young, Dewey Martin, Bruce Palmer, Jim Messina, Ken Koblun, agus Jim Fielder. Ba leosan an t-amhrán agóide clasaiceach "For What It's Worth."

Bhí fadhbanna ag an bhanna le heasaontas, drugaí, an dlí, agus mí-eagraíocht, agus dá bharr sin bhris an banna suas i ndiaidh dhá bhliain. Eisíodh trí albam faoina ainm san am úd, agus d'eisíodh roinnt taifeadán ó shin a chuidigh lena ainm a choimeád i mbéal na ndaoine. Insealbhaíodh Buffalo Springfield san Rock and Roll Hall of Fame sa bhliain 1997.


Other Languages