Barrachód

Barrachód UPC-A

Is éard ata sa bharrachód ná patrún línte is barraí comhthreomhara. Sainíonn líon na línte, a dtiús is tiús na spásanna eatarthu an t-eolas atá sa chód. Is modh é chun earraí i siopaí a lipéadú ionas gur féidir a n-ainmneacha is a bpraghsanna a léamh go huathoibríoch ag an gcuntar amach.

Bíonn dhá líne thanaí ag an dá thaobh den phatrún chun na himill a chur in iúl. Bíonn dís eile mar sin i lár baill, ag déanamh idirdhealú idir ainm an earra is a phraghas. Léitear an patrún le scanóir. Scanann léas tanaí léasarsholais trasna an phatrúin, agus glacann cill fhótaileictreach an solas a fhrithchaitear ón bpatrún.

Bíonn an comhartha a ghlactar cosúil le cód Morse, agus déanann ríomhaire an patrún a aithint go han-tapa. Leis an eolas seo suimíonn an ríomhaire ainm is praghas an earra le bille an chustaiméara, dealaíonn an t-earra ó fhardal an tsiopa, agus má tá an fardal sin ag dul i léig tugann sé rabhadh don bhainisteoir gur gá a thuilleadh de a sholáthar do na seilfeanna.


Other Languages
العربية: رمز شريطي
azərbaycanca: Barkod
башҡортса: Штрих-код
žemaitėška: Barkuods
беларуская: Штрых-код
беларуская (тарашкевіца)‎: Штрых-код
български: Баркод
bosanski: Barkod
čeština: Čárový kód
dansk: Stregkode
Deutsch: Strichcode
English: Barcode
Esperanto: Strekokodo
eesti: Vöötkood
فارسی: بارکد
suomi: Viivakoodi
français: Code-barres
Frysk: Barkoade
עברית: ברקוד
हिन्दी: बारकूट
hrvatski: Crtični kôd
magyar: Vonalkód
Bahasa Indonesia: Kode batang
íslenska: Strikamerki
italiano: Codice a barre
日本語: バーコード
Basa Jawa: Kode Batang
한국어: 바코드
latviešu: Svītrkods
Malagasy: Kaody bara
മലയാളം: ബാർകോഡ്
монгол: Шугаман код
Bahasa Melayu: Kod bar
မြန်မာဘာသာ: ဘားကုဒ်
Nederlands: Streepjescode
norsk: Strekkode
polski: Kod kreskowy
português: Código de barras
română: Cod de bare
Simple English: Barcode
slovenčina: Čiarový kód
slovenščina: Črtna koda
shqip: Barkodi
српски / srpski: Бар-код
svenska: Streckkod
Kiswahili: Msimbo pau
தமிழ்: பார்கோடு
తెలుగు: బార్‌కోడ్
Türkçe: Barkod
українська: Штрих-код
oʻzbekcha/ўзбекча: Shtrix kod
Tiếng Việt: Mã vạch
中文: 条形码