Bórón

Bórón
Siombail CheimiceachB
Uimhir Adamhach5
Meáchan Adamhach10.811(7)  g·mol
Grúpa, Peiriad13, 2, p
Dlús2.34 g·cm−3
Sraith CheimiceachMiotalóidigh
B-TableImage.png

Is dúil cheimiceach é an bórón. Is í an mhais adamhach atá aige ná 10.811 g/mol agus is iad an uimhir adamhach agus an tsiombail cheimiceach atá aige ná 5 agus B.

Is miotalóideach é an bórón, agus is é an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p1. Is é sin, níl ach trí leictreon ar an dara sceall. Tá an bórón ar fáil sa dúlra flúirseach go maith i mianraí éagsúla, ar nós bórás (teitreabóráit sóidiam), úilicsít (go bunúsach, meascán as bóráití an tsóidiam agus an chailciam), sasóilít (arb ionann í agus an t-aigéad bórach) agus a lán eile.

Úsáidtear an bórón - an dúil cheimiceach féin - ina dhópán sa leictreonaic, is é sin, measctar iarsmaí beaga bóróin tríd an sileacan le seoltacht an tsileacain a athrú - sin é an rud a dtugtar "dópáil" air i dtionsclaíocht na leathsheoltóirí. Mar a chonaic muid, níl ach trí leictreon ar an sceall is faide amuigh in adamh an bhóróin, ach in adamh an tsileacain, tá ceithre leictreon ar sceall na bhfiúsleictreon. Má chuirtear adamh amháin bóróin i struchtúr an chriostal sileacain, fágfar áit aon leictreon amháin folamh, ionas go gcaithfidh an bórón leictreon a fháil ar iasacht ón gcéad adamh sileacain eile. Ansin, áfach, beidh folúntas nua timpeall an adaimh sin. - Is féidir le folúntais den chineál sin sruth leictreach a iompar, agus mar sin, ní gá ach le beagáinín bóróin le seoltacht leictreach an tsileacain a ardú go mór.

Tá go leor allatróp ag an mbórón: an bórón dímhorfach, an t-alfa-bhórón rombaihéidreach, an béitea-bhórón rombaihéadrach, agus an gáma-bhórón ortarombach, agus eile. Is féidir, fiú, bórón miotalach a tháirgeadh, ach le sin a dhéanamh, teastaíonn bórón iontach glan agus imthoscaí speisialta (brú ard agus teocht ard).

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla ag an mbórón ina chuid comhdhúl ná +3. Ina lán comhdhúl dá chuid, áfach, bíonn sé deacair an struchtúr a léiriú le coincheapanna coinbhinsiúnacha na ceimice ar nós nasc comhfhiúsach nó uimhir ocsaídiúcháin. Mar sin, bíonn teoiric na bhfithiseán móilíneach riachtanach le cur síos éigin a thabhairt orthu. Sampla de seo iad na bóráin nó na hidridí bóróin, is é sin, comhdhúile an bhóróin agus na hidrigine. Nó bíonn níos mó adaimh hidrigine sna comhdhúile seo ná mar ba chóir, de réir na tuisceana coinbhinsiúnaí. Baintear úsáid as na bóráin mar imoibrithe sa cheimic orgánach, agus iad ina ndí-ocsaídeoirí láidire.

Is dócha gurb é an t-aigéad bórach, H3BO3, an chomhdhúil is tábhachtaí de chuid an bhóróin. Aigéad lag é.

Nuair a úsáidtear bórón agus nítrigin, is féidir móilíní a thógáil a bhíonn an-chosúil le móilíní na gcomhdhúl orgánach. Mar shampla, tá an bóraisín, B3H6N3, iontach cosúil leis an mbeinséin.


Other Languages
Afrikaans: Boor (element)
አማርኛ: ቦሮን
aragonés: Boro
العربية: بورون
asturianu: Boru
azərbaycanca: Bor
беларуская (тарашкевіца)‎: Бор (элемэнт)
български: Бор (елемент)
भोजपुरी: बोरॉन
বাংলা: বোরন
བོད་ཡིག: ཚ་ནག
brezhoneg: Bor
bosanski: Bor (element)
català: Bor
Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄: Bèng
Cebuano: Boro
کوردی: بۆرۆن
corsu: Boru
čeština: Bor (prvek)
Чӑвашла: Бор (элемент)
Cymraeg: Boron
Deutsch: Bor
ދިވެހިބަސް: ބޯރޯން
Ελληνικά: Βόριο
English: Boron
Esperanto: Boro
español: Boro
eesti: Boor
euskara: Boro
فارسی: بور
suomi: Boori
français: Bore
Nordfriisk: Boor
furlan: Bôr
Gagauz: Bor
Gàidhlig: Bòron
galego: Boro
ગુજરાતી: બોરોન
Gaelg: Boron
客家語/Hak-kâ-ngî: Phìn
Hawaiʻi: Boron
עברית: בור (יסוד)
हिन्दी: बोरॉन
Fiji Hindi: Boron
hrvatski: Bor (element)
magyar: Bór
interlingua: Boro
Bahasa Indonesia: Boron
Ido: Borono
íslenska: Bór
italiano: Boro
日本語: ホウ素
Patois: Buoran
la .lojban.: jicmrboro
Basa Jawa: Boron
ქართული: ბორი
Kabɩyɛ: Bɔrɩ
Gĩkũyũ: Boron
қазақша: Бор (элемент)
ភាសាខ្មែរ: បរ
ಕನ್ನಡ: ಬೊರಾನ್
한국어: 붕소
kurdî: Bor
коми: Бор
Кыргызча: Бор (элемент)
Latina: Borium
Lëtzebuergesch: Bor
Limburgs: Boor
Ligure: Boro
lumbaart: Boro
lingála: Bolo
lietuvių: Boras
latviešu: Bors
Māori: Pūtiwha
македонски: Бор (елемент)
മലയാളം: ബോറോൺ
मराठी: बोरॉन
кырык мары: Бор (элемент)
Bahasa Melayu: Boron
မြန်မာဘာသာ: ဘိုရွန်
Nāhuatl: Xacoiztatl
Plattdüütsch: Bor (Element)
नेपाली: बोरोन
नेपाल भाषा: बोरोन
Nederlands: Boor (element)
norsk nynorsk: Grunnstoffet bor
Novial: Bore
occitan: Bòr
Livvinkarjala: Borum
ଓଡ଼ିଆ: ବୋରନ
ਪੰਜਾਬੀ: ਬੋਰਾਨ
पालि: बोरोन
polski: Bor
Piemontèis: Bòr
پنجابی: بورون
português: Boro
Runa Simi: Boru
română: Bor (element)
armãneashti: Boru
русский: Бор (элемент)
संस्कृतम्: बोरान
sicilianu: Boru
Scots: Boron
srpskohrvatski / српскохрватски: Bor (element)
සිංහල: බෝරෝන්
Simple English: Boron
slovenčina: Bór
slovenščina: Bor (element)
Soomaaliga: Booron
shqip: Bori
Seeltersk: Bor
Basa Sunda: Boron
svenska: Bor
Kiswahili: Boroni
தமிழ்: போரான்
తెలుగు: బోరాన్
тоҷикӣ: Бор (унсур)
ไทย: โบรอน
Tagalog: Boron
Türkçe: Bor
татарча/tatarça: Бор (элемент)
ئۇيغۇرچە / Uyghurche: بور
українська: Бор
oʻzbekcha/ўзбекча: Bor (unsur)
vepsän kel’: Bor (himine element)
Tiếng Việt: Bo
Winaray: Boro
吴语:
хальмг: Борон
Yorùbá: Bórọ̀nù
中文:
文言:
Bân-lâm-gú: Phêng-sò͘
粵語: