Arnold Schwarzenegger

Arnold Schwarzenegger (2010)

Is aisteoir agus polaiteoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá é Arnold Alois Schwarzenegger (a rugadh ar an 30 Iúil 1947). An 38ú Gobharnóir California a bhí ann. As an Ostair is ea é, agus bhí cáil bainte amach aige mar chorpfhorbróir agus mar aisteoir sula ndeachaigh sé isteach sa pholaitíocht mar iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh do phost ghobharnóir Chalifornia. Thosaigh Schwarzenegger a chéad théarma ar 7 Deireadh Fómhair 2003, agus thosaigh sé a dhara théarma san oifig ar an 5 Eanáir, 2007. Tháinig Jerry Brown, ball den Pháirtí Daonlathach, ina dhiaidh sa phost sin sa bhliain 2011. Tá Schwarzenegger pósta le Maria Shriver, neacht le John F. Kennedy, ach tá colscaradh ar lorg acu i ndiaidh caidreamh le bean eile a bheith nochtaithe. Saolaíodh mac as an gcaidreamh céanna.

Rugadh Schwarzenegger i dThal bei Graz, san Ostair. Bhí rath nach beag aige mar chorpfhorbróir. Ansin, chuaigh sé go Hollywood, California chun aisteoireacht a dhéanamh, i scannáin aicsin go minic. I measc na scannán cáiliúil atá déanta aige tá The Terminator, Predator, True Lies, Kindergarten Cop, Total Recall, agus Conan the Barbarian.


Other Languages
azərbaycanca: Arnold Şvartsenegger
Bikol Central: Arnold Schwarzenegger
беларуская (тарашкевіца)‎: Арнольд Шварцэнэгер
客家語/Hak-kâ-ngî: Arnold Schwarzenegger
Bahasa Indonesia: Arnold Schwarzenegger
Qaraqalpaqsha: Arnold Schwarzenegger
Bahasa Melayu: Arnold Schwarzenegger
norsk nynorsk: Arnold Schwarzenegger
srpskohrvatski / српскохрватски: Arnold Schwarzenegger
Simple English: Arnold Schwarzenegger
slovenščina: Arnold Schwarzenegger
oʻzbekcha/ўзбекча: Arnold Schwarzenegger
Tiếng Việt: Arnold Schwarzenegger
Bân-lâm-gú: Arnold Schwarzenegger