Armáid na Spáinne

an Armada galeass, ealaín chomhaimseartha i Greenwich, gan ainm

Ba í an Armáid ( Spáinnis: Grande y Felicísima ArmadaArmada Invencible) an loingeas Spáinneach a rinne ar Shasana faoi cheannas Medina Sidonia sa bhliain 1588, chun Eilís I Shasana a threascairt agus cosc a chur ar Shasana baint don Ísiltír Spáinneach agus leanúint den fhoghlaíocht san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Ciúin.

Chuaigh an Armáid ar ancaire amach ó Gravelines, ach chuir longa dóiteáin na Sasanach an ruaig uirthi. Bhí cath ann. Agus dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an Armáid teagmháil le fórsaí Spáinneacha san Ísiltír.

D’éirigh leis longa na hArmáide teacht le chéile arís agus dul ó thuaidh, cé go raibh longa Sasanacha á gcoinneáil i mbroid tamall suas cósta thoir Shasana.

Bheartaigh Medina Sidona gur chóir don Armáid filleadh abhaile: sheol sí timpeall na h Alban agus na h Éireann ach rinne stoirmeacha géara dochar mór di. Briseadh os cionn 24 long ar chósta thiar na hÉireann. As 130 long de chuid na hArmáide briseadh nó bádh timpeall caoga ceann.

Ba í an tsluaíocht seo an comhrac ba mhó sa chogadh neamhfhógraithe idir Shasana agus an Spáinn (1585-1604). Sa bhliain 1589 chuir Sasana sluaíocht den saghas céanna, Sluaíocht Drake-Norris, ar bun ach ní raibh rath uirthi.

Cúlra an chomhraic

Pilib II na Spáinne c. 1580, Gailearaí Náisiúnta na bPortráidí, Londain
Eilís I, 1600

Ba é Pilib II na Spáinne comh- mhonarc Shasana nó go bhfuair a bhean chéile, Máire I Shasana, bás sa bhliain 1558. Ba Chaitliceach cráifeach é agus shíl sé nach raibh ina dheirfiúr chéile Eilís I ach eiriceach. Deirtear gur thug sé cúnamh do lucht ceannairce i Sasana. Thug Eilís féin cúnamh don Phoblacht Ollannach, an chuid den Ísiltír a scar le riail na Spáinne.

Ar na rudaí a chuir a chuir fearg ar Philib bhí an creachadh a bhí á dhéanamh ag an gcaptaen Sasanach Francis Drake ar longa Spáinneacha, an cúnamh a thug Eilís I do cheannaircigh na hÍsiltíre (go háirithe trí Chonradh Angla-Ollannach Nonsuch 1585, socrú a lean fóirdheontas mór agus arm Sasanach é), agus an ruathar a thug Drake ar an nGailís sa bhliain 1686.

Thosaigh sé ag smaoineamh ar ionradh a dhéanamh ar Shasana agus a fhios aige gurbh éigean bua a fháil ar chabhlach Shasana. Fuair sé comhairle dá réir, cé go raibh imní air faoin gcostas a bheadh ag gabháil leis an bhfeachtas. Bhí airgead chomh gann sin go raibh ar Philib iasacht a iarraidh ar an bPápa Sixtus V, airgead nach mbeadh le híoc go dtí go raibh an t-ionradh curtha i gcrích. Idir an dá linn, áfach, tháinig lasta mór óir (16,000,000 diúcat) ó na h Indiacha Thiar. [1] [2]

atáirgeadh, an long San Juan Nepomuceno, Armada Española

Thug Drake ruathar ar Cadiz, lárionad soláthair na hArmáide, sa bhliain 1586. Chaill na Spáinnigh ceithre long is fiche agus scriosadh a lán lón cogaidh, go háirithe díol bliana d’fhonsaí agus de chláir bhairillí. D’éirigh cuid mhór de bhia na hArmáide lofa toisc nach raibh bairillí fónta ann. [3]

Thaobhaigh an Pápa Sixtus V le Pilib. [4] Bhí saighdiúirí bailithe le chéile ag Diúc Parma ag Nieuwpoort agus ag Dunkirk (san Ísiltír ag an am). [5] Bhí siad le teagmháil le loingeas Spáinneach, agus chruinnigh Medina Sidonia 130 long le chéile, mar a leanas:

  • 12 long de Scuadrún na Portaingéile (a scuadrún féin),
  • 14 long ón mBioscáin,
  • 16 long ón gCaistíl,
  • 11 long ón Andalúis,
  • 11 long ó Guipuzcoa, agus
  • 10 long ón Leiveant.
  • Ina theannta sin chairtfhostaigh na Spáinnigh 23 hulca (urcas) ó cheannaithe Hainseatacha mar longa stórais.
  • Bhí 22 pionais (gabras agus petaches) acu mar bháid teachtaireachta agus faisnéise.
  • As an 30,000 fear, a bheag nó a mhór, a bhí san Armáid bhí breis is 19,000 acu ina saighdiúirí agus iad chun dul ag troid gualainn ar ghualainn le saighdiúirí Parma.
Gúnna mór ó La Trinidad Valencera, faighte i nGleann Uí Dhuibheannaigh, 1971. Anois san Iarsmalann Uladh.

Bhí timpeall 197 long ag na Sasanaigh:

  • 34 long Ríoga,
  • 105 long thrádála, agus
  • 58 cóstóir agus long bhiatachais,
  • rud a d’fhág timpeall 1600 fear san iomláine acu. [6]

Bhí dhá oiread gunnaí ag na Spáinnigh agus a bhí ag na Sasanaigh. [7]

Rinne rialtas Shasana iarracht ar an gcósta a dhaingniú, ach bhí gunnaí agus púdar gann, agus bhí a fhios ag an rialtas go raibh easpa traenála ar na mílístí a bhí chun dul i ngleic le saighdiúirí seanchleachta na Spáinne. [8]

Other Languages
Afrikaans: Spaanse Armada
العربية: الأرمادا
azərbaycanca: Yenilməz armada
Bahasa Indonesia: Armada Spanyol
한국어: 무적함대
Bahasa Melayu: Armada Sepanyol
မြန်မာဘာသာ: စပိန်ရေတပ်ကြီး
Nederlands: Spaanse Armada
português: Invencível Armada
سنڌي: آرميڊا
Simple English: Spanish Armada
српски / srpski: Шпанска армада
українська: Іспанська Армада
吴语: 无敌舰队