An tIarthar Fiáin

Áitreabhaigh (1866)

Is ionann an tIarthar Fiáin agus an chuid de na Stáit Aontaithe atá suite taobh thiar d' Abhainn Mississippi, mar a bhí sé sa dara leath den naoú haois déag. Is féidir, áfach, ré an Iarthair Fhiáin a shainmhíniú ar bhealach is cuimsithí ná sin, is é sin, ó thús na naoú haoise déag go dtí an bhliain 1920, nuair a tháinig deireadh le Réabhlóid Mheicsiceo. I rith na mblianta seo a chuaigh na Stáit Aontaithe i bhfairsinge siar, go dtí gur baineadh cósta an Aigéin Chiúin amach. Bhí an fhorbairt seo bunaithe ar theagasc na Cinniúna Follasaí (Béarla: Manifest Destiny) - is é sin, chreid lucht rialtais na Stát Aontaithe go raibh sé i ndán do na Stáit fairsingiú a fhad leis an Aigéan Ciúin agus gur cinniúint dhosheachanta a bhí ann. Leis an gcinniúint seo a chomhlíonadh, cuireadh cogaí cruálacha ar na bundúchasaigh agus tháinig na sluaite síoraí ón Eoraip leis na tailte nuaghafa a thabhairt chun míntíreachais.

Chuaigh radharcra, béaloideas agus scéalaíocht an Iarthair Fhiáin i bhfeidhm ar an domhan ar fad. Aithníonn gach duine inniu buntréithe an tsaoil san Iarthar Fiáin mar is gnách iad a chur ar taispeáint sna scannáin, sna coimicí agus sna scéalta: an troid idir na coilínithe agus na bundúchasaigh, an marcshlua a thagann chun fortachta do na coilínithe, na tithe tábhairne lena gcuid cearrbhach agus gunnadóirí, na buachaillí bó agus araile.

Coincheap an "Iarthair Fhiáin" agus an t"Sean-Iarthair"

Chuir na chéad choilínithe fúthu ar chósta thoir Mheiriceá Thuaidh sa tseachtú haois déag. Ó sin i leith, b'ionann an tIarthar agus na tailte siar ó áitreabh an chine ghil thoir. Uaireanta, tugann lucht léinn "an Sean-Iarthar" ar an réigiún timpeall ar ghleannta Ohio agus Tennessee san ochtú haois déag, nuair a bhí na críocha ina gcúis achrainn idir Sasana, an Fhrainc, agus na coilíneachtaí Meiriceánacha. Níos minicí ná sin, áfach, tugtar an "Sean-Iarthar", "Iarthar Mheiriceá" nó "an tIarthar Fiáin" ar na críocha taobh thiar d' Abhainn Mississippi sa naoú haois déag.

Other Languages
asturianu: Vieyu Oeste
azərbaycanca: Vəhşi Qərb
беларуская: Дзікі Захад
беларуская (тарашкевіца)‎: Дзікі Захад
български: Див запад
català: Far West
čeština: Divoký západ
Deutsch: Wilder Westen
Ελληνικά: Άγρια Δύση
español: Viejo Oeste
فارسی: غرب وحشی
hrvatski: Divlji zapad
magyar: Vadnyugat
Bahasa Indonesia: American Frontier
italiano: West
македонски: Див Запад
Nederlands: Wilde Westen
norsk nynorsk: Det ville vesten
português: Velho Oeste
русский: Дикий Запад
srpskohrvatski / српскохрватски: Divlji Zapad
Simple English: American Old West
slovenčina: Divoký západ
српски / srpski: Дивљи запад
Türkçe: Vahşi Batı
українська: Дикий Захід