An Mhongóilis |
Mongóilis (монгол Mongol ![]() | |
---|---|
Á labhairt: | |
Réigiún: | |
Cainteoirí san Iomlán: | 5,700,000 |
~ | |
Líne ghinealaigh: | Teangacha Mongólacha |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na |
Níl údarás teanga ann | |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | mn |
ISO 639-2 | mon |
ISO 639-3 | mon |
Amharc ar: |
Teanga Mhongólach is ea an Mhongóilis. Is í teanga oifigiúil na
Teanga tháite ghreamaitheach í an Mhongóilis, is é sin, teanga shintéiseach, agus mar sin, is minic a chuirtear iarmhír i ndiaidh a chéile le tamhan an fhocail chun foirmeacha gramadaí a chruthú nó focail nua a fhréamhú. Tá deilbhíocht shaibhir ag na briathra, ó thaobh na n-aimsirí, na modhanna agus na rangabhálacha de, ach ní chuirtear pearsa an ainmní in iúl le haon iarmhír ar leith - caithfidh tú an t-ainmní a lua. (Is é sin, níl foirm sa Mhongóilis cosúil le "labhraím" na Gaeilge - caithfidh tú "labhraíonn mé" a rá.) Maidir leis na hainmfhocail, tá ocht dtuiseal acu: an t-ainmneach, an ginideach, an tabharthach, an t-áinsíoch, an t-ochslaíoch, an t-uirliseach, an tionlacthach, agus an treóch.
Fuair an Mhongóilis a lán focal ar iasacht ó theangacha an réigiúin: an Tibéidis, an tSean-Tuircic, an tSanscrait, na teangacha Tungúsacha, agus an tSínis. Le déanaí, is iad an Béarla agus an Rúisis a fuair an lámh in uachtar mar fhoinsí iasachta - sa Mhongóil féin, ar a laghad. Tá coiste téarmaíochta ag stát na Mongóile ag soláthar téarmaí aistrithe, agus mar sin, tá an Mhongóilis réasúnta glan ó iasachtaí nua-aimseartha. Scéal eile, ar ndóigh, gur aistriúcháin focal ar fhocal ar na téarmaí coimhthíocha iad na téarmaí nuachumtha go minic.
![]() | Is Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán |