An Ghaeilge

Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1ga
ISO 639-2gle
ISO 639-3gle
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is ceann de na teangacha Gaelacha í Gaeilge na hÉireann (nó 'an Ghaeilge' mar a thugtar uirthi go hiondúil in Éirinn), a labhraítear in Éirinn. Is í an teanga náisiúnta nó dhúchais agus an phríomhtheanga oifigiúil i bPoblacht na hÉireann í. Tá an Béarla luaite sa Bhunreacht mar theanga oifigiúil eile. Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i dTuaisceart Éireann, atá mar chuid den Ríocht Aontaithe. Ar an 13 Meitheamh 2005 d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón 1 Eanáir 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T.D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.

Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: Gaedhealg, Gaedhilge agus Gaedhilg (i gConamara); Gaedhilic, Gaeilic agus Gaeilig (in áiteanna i gCúige Uladh agus Maigh Eo); Gaedhealaing, Gaoluinn agus Gaeilinn (i bPort Láirge); Gaelainn (sa Mhumhain); Gaedhlag (Ó Méith, Ard Mhacha agus ); Gàidhlig (in Albain); GaelgGailck in Oileán Mhanann; agus GuithealgGoidelc (sa Shean-Ghaeilge). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá Gaoluinn, leis, toisc gur mar é fada a fhuaimnítear ao an litrithe sna canúintí deisceartacha.

8ú haois:  Collectio Canonum Hibernensis sa Trier Stadtbibliothek (137 Fol 56), An Ghearmáin, agus níos déanaí, an Civitate Dei (Augustinus)

Stair

Sean-Ghaeilge agus an tOgham

B'é an tOgham an chéad chóras scríofa don Ghaeilge, ach is gnách an teanga a chur ar pár i litreacha Laidineacha le níos mó ná míle bliain anuas. Sa tseachtú haois a tháinig an chéad leagan caighdeánaithe den teanga, mar atá, an tSean-Ghaeilge, ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu. D'úsáidtí Sean-Ghaeilge, ar dtús, i ngluaiseanna míniúcháin a chuirtí le téacsanna Laidine, le cuidiú leis na daltaí óga nach raibh ach ag foghlaim theanga na Críostaíochta Caitlicí.

 An Bíobla (1 Cor 2-3) a scríobh manach Éireannach i Sankt Gallen, An Eilvéis

De réir a chéile, áfach, thosaigh na manaigh ag breacadh síos na scéalta miotaseolaíochta, leithéidí na Rúraíochta is na Fiannaíochta. Ní raibh siad chomh drochamhrasach i leith na seanscéalta Págánacha agus a shílfeá, ach mar sin féin bhain siad gach tagairt nithiúil don chreideamh réamh-Chríostaí de na leaganacha a rinne siad de na scéalta seo. Mar sin, fág is go bhfuil blas na Págántachta ar na seanscéalta Gaelacha ó thaobh an spioraid agus an tsaoldearcaidh, is deacair aon tagairt do dhéithe Págánta na gCeilteach a aithint iontu.

Tá gramadach agus litriú na bhfocal sna scríbhinní Oghaim ní ba seanaimseartha ná an tSean-Ghaeilge féin, cé go mbaineann an chuid is deireanaí de na hOghamchlocha leis an tréimhse chéanna. Mar sin, is dócha go ndearna na manaigh iarracht d'aon turas ar stíl nua scríbhneoireachta a thabhairt isteach nach mbeadh cosúil le stíl Phágánta na nOghamchloch.

Meán-Ghaeilge

De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na Sean-Ghaeilge, agus an Mheán-Ghaeilge ag teacht ina háit. Teanga cineál measctha is ea an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon chaighdeán nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus ghramadach chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir forcheartú a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin de réir chaint na ndaoine.

Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.

leabhar frásaí (1560-1580) a scríobh Sir Christopher Nugent, 9th Baron of Delvin.  Bhain Eilís I Shasana úsáid as is cosúil

Nua-Ghaeilge

Le teacht an dóú haois déag, múnlaíodh an caighdeán nua - caighdeán a bhí sách cóngarach do chaint na ndaoine, an chuid ba mhó léinn acu ar a laghad - ar a dtugtar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach. Caighdeán sách dian atá inti, agus í saor go hiomlán ó gach cineál canúnachais. Is fíor go raibh cead ag na filí úsáid a bhaint as dhá leagan chanúnacha den fhocal chéanna le freastal ar riachtanais na ríme is na rithime (abair, clach agus cloch), ach níorbh ionann sin is a rá go mbeadh an file seo níos claonta chun an leagan seo a úsáid agus an file úd eile níos doirte d'fhoirm a chanúna féin - bhí an bheirt acu ag úsáid an dá fhoirm, de réir mar a d'éilíodh dlíthe na filíochta.

Chuir tosach na séú haoise déag agus maidhm Chionn tSáile deireadh sách giorraisc le saothrú na Nua-Ghaeilge Clasaicí. An cineál Gaeilge a scríobhtaí i mblianta dorcha na bPéindlíthe, má scríobhtaí in aon chor í, ní raibh ann ach meascán den chanúint áitiúil agus cibé blúirín den teanga Chlasaiceach a bhí foghlamtha ag an scríbhneoir, agus an chanúint ag fáil an lámh in uachtar ar an gcaighdeán clasaiceach le himeacht na gcéadta bliain.

Le Déanaí

allafóin Ga mid

I ndeireadh na naoú haoise déag, cuireadh an Nua-Ghaeilge chomhaimseartha ar bun. Ar dtús, rinne lucht an ghlanteangachais, a raibh daoine ar nós Risteard de Hindeberg orthu, iarrachtaí áirithe ar chaighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí a athréimniú, ach ba é an scríbhneoir biseach úd, an tAthair Peadar Ua Laoghaire, a rug bua ar de Hindeberg agus tugadh tús áite do chaint na ndaoine. Is é sin le rá gur bunaíodh an Nua-Ghaeilge scríofa ar an nGaeilge a bhí á labhairt ag muintir na Gaeltachta, seachas ar Ghaeilge Cheitinn.

De bharr an ról ar leith a bhí ag an Athair Peadar agus ag a chuid scríbhneoireachta in athbhunú na Gaeilge mar theanga scríofa, chuaigh canúint an Athar Pheadair é féin (.i. Canúint na Mumhan) go mór i bhfeidhm ar mhúnla na Gaeilge ag tús an chéid seo caite. Bhí tionchar Ghaeilge na Mumhan fós le feiceáil i gcuid mhaith mhór de na téacsleabhair a foilsíodh go dtí lár na 1950idí. Níos déanaí, áfach, agus d'ainneoin go raibh sé de nós ag daoine áirithe an Ghaeilge chaighdeánach a cáineadh as ucht í a bheith ró-Mhuimhneach, bhí tionchar níos láidre ag na canúintí eile ar an gCaighdeán Oifigiúil (m. sh. córas na mbriathra agus córas na réamhfhocal).

Other Languages
Afrikaans: Iers-Gaelies
Alemannisch: Irische Sprache
አማርኛ: አየርላንድኛ
aragonés: Idioma irlandés
Ænglisc: Īrisc sprǣc
العربية: لغة أيرلندية
asturianu: Idioma irlandés
azərbaycanca: İrland dili
Boarisch: Irische Sproch
беларуская: Ірландская мова
беларуская (тарашкевіца)‎: Ірляндзкая мова
български: Ирландски език
भोजपुरी: आयरिश भाषा
brezhoneg: Iwerzhoneg
bosanski: Irski jezik
Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄: Ireland-ngṳ̄
čeština: Irština
Чӑвашла: Айриш чĕлхи
Cymraeg: Gwyddeleg
Zazaki: İrlandki
dolnoserbski: Iršćina
Esperanto: Irlanda lingvo
eesti: Iiri keel
suomi: Iiri
Võro: Iiri kiil
føroyskt: Írskt mál
français: Irlandais
Nordfriisk: Iirsk
Frysk: Iersk
Gaelg: Yernish
客家語/Hak-kâ-ngî: Ireland-ngî
עברית: אירית
हिन्दी: आयरिश भाषा
Fiji Hindi: Irish language
hrvatski: Irski jezik
hornjoserbsce: Iršćina
magyar: Ír nyelv
Հայերեն: Իռլանդերեն
interlingua: Lingua irlandese
Bahasa Indonesia: Bahasa Irlandia
íslenska: Írska
Taqbaylit: Tirlandit
한국어: 아일랜드어
Перем Коми: Ир кыв
kernowek: Wordhonek
Кыргызча: Ирланд тили
Limburgs: Iers
lietuvių: Airių kalba
latviešu: Īru valoda
македонски: Ирски јазик
മലയാളം: ഐറിഷ് ഭാഷ
Bahasa Melayu: Bahasa Ireland
Dorerin Naoero: Dorerin Airerand
Nedersaksies: Iers
Nederlands: Iers
norsk nynorsk: Irsk
norsk: Irsk
Nouormand: Irlandais
occitan: Irlandés
Pangasinan: Salitan Irish
Papiamentu: Iers
Piemontèis: Lenga irlandèisa
پنجابی: آئرش
português: Língua irlandesa
Runa Simi: Ilanda simi
Scots: Erse leid
davvisámegiella: Iirragiella
srpskohrvatski / српскохрватски: Irski jezik
Simple English: Irish language
slovenčina: Írčina
slovenščina: Irska gelščina
српски / srpski: Ирски језик
Seeltersk: Irisk
svenska: Iriska
ślůnski: Irlandzko godka
தமிழ்: ஐரிய மொழி
Tok Pisin: Tok Aialan
Türkçe: İrlandaca
татарча/tatarça: Ирланд теле
удмурт: Ирланд кыл
ئۇيغۇرچە / Uyghurche: ئرېلاندىيە تىلى
українська: Ірландська мова
oʻzbekcha/ўзбекча: Irland tili
vepsän kel’: Irlandijan kel'
Tiếng Việt: Tiếng Ireland
მარგალური: ირლანდიური ნინა
ייִדיש: איריש
Yorùbá: Èdè Ireland
中文: 愛爾蘭語
Bân-lâm-gú: Ài-ní-lân-gí