Béarla (English) |
---|
Á labhairt: | sa Ríocht Aontaithe, i Stáit Aontaithe Mheiriceá; i gCeanada, san Astráil, san Nua-Shéalainn, in Éirinn, san Bheilís, i náisiúin eile i gComhlathas na Náisiún agus i dtíortha eile. |
Réigiún: | san Eoraip Thiar, i Meiriceá Thuaidh, agus san Aigéine |
Cainteoirí san Iomlán: | : 309,000,000–400,000,000. Dara teanga: 199,000,000–1,400,000,000. Iomlán 0.5 - 1.8 billiún |
Rang: | 2-4 |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais
Gearmáinic Gearmáinic an Iarthair Iarthair Sean-Shasainis Béarla
|
Stádas Oifigiúil |
---|
Teanga Oifigiúil: | na hAfraice Theas, an Aontais Eorpaigh, na hAstráile, na hÉireann, na hIndia, na Ríochta Aontaithe, Cheanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tíortha eile. |
Foras Pleanála Teanga: | (rialtóir ar bith) |
Cóid teangeolaíocha |
---|
ISO 639-1 | en |
ISO 639-2 | eng |
ISO 639-3 | eng |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Taispeánann an dath dúghorm na tíortha ina bhfuil an Béarla ina theanga oifigiúil de réir dlí nó gnáthúsáide. Ar an dath bánghorm a aithnítear na tíortha ina bhfuil stádas éigin, oifigiúil nó neamhoifigiúil, aige cé nach labhraítear go coitianta mar theanga dhúchais é.
Is teanga Ghearmáinice é an Béarla (English) nó an Sacs-Bhéarla atá bunaithe ar na canúintí a bhí ag na hAngail agus ag na Sacsanaigh, treibheanna de bhunadh Teotanach a tháinig i dtír sa Bhreatain ag deireadh ré na Rómhánach. Bhí tionchar mór, freisin, ag an Laidin ar an teanga, maille le teangacha eile níos déanaí, mar shampla, an Fhraincis, an Ghréigis agus teangacha éagsúla an domhain, go háirithe iad siúd a bhí á labhairt go forleathan in Impireacht na Breataine Móire.
Tá sé ar ceann de na teangacha is forleithne ar domhan inniu, agus labhraítear é mar phríomhtheanga sa Bhreatain Mhór, san Astráil, sa Nua-Shéalainn, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa chuid is mó de Cheanada, in Éirinn, agus ina lán iarchoilíneachtaí de chuid na Breataine Móire mar phríomhtheanga nó mar theanga chomhchumarsáide.
I gcúrsaí teicneolaíochta, agus i gcuid mhór de na meáin cumarsáide idirnáisiúnta i ré seo an Idirlín, tá buntáiste an Bhéarla ag dul i dtreise, ionas gur féidir a rá inniu gurb é príomhtheanga na meán cumarsáide é.
Ceiliúrann na Náisiún Aontaithe Lá an Bhéarla gach bliain ar an 23 Aibreán[1], chun an teanga a chothú.